skip to main content

Rialacha Órga don Ghnó: An Teagmháil Phearsanta

An bhliain seo caite labhair mé faoi chomh tábhachtach agus a bhfuil ag teastáil ar do chliaint a chur ar fáil ar bhun éifeachtach agus gan bacadh le bheith ag cur amú ama á gcur ar an eolas faoi mar a tháinig an tairge/seirbhís chun saoil. 

Ag tús na bliana nua seo ba mhaith liom díriú isteach ar ghné den ghnó atá go díreach chomh tábhachtach, is é sin: Ceacht 4:  An Teagmháil Phearsanta:

Cén fáth a bhfuil an teagmháil phearsanta tábhachtach?  Tá freagra na ceiste seo simplí agus b’fhéidir ró-shimplí sa mhéid is go ndéanann muid dearmad de, 'séard a bhaineann an teagmháil phearsanta amach dúinn i gcúrsaí gnó ná: muinín.  Cothaíonn an teagmháil phearsanta muinín sa chliant a chuireann ar a suaimhneas iad, sé sin le rá, gur féidir leo brath ort.  Brath ort go gcuirfidh tú an tairge/seirbhís ar fáil ar bhonn proifisiúnta agus in am tráthúil.

Mar thoradh ar an teagmháil phearsanta seo leis an chliaint is féidir leat dul i bhfeidhm orthu, rud a choinnóidh i gcuimhne an chliaint thú.  Is doiligh luach a chur ar an ghné seo de chúrsaí gnó ag an am ach má thagann an cliant ar ais is cinnte gurb é an teagmháil phearsanta i bpáirt le táirge/seirbhís den chéadscoth a thug orthu teacht ar ais.

Moira Ní Ghallachóir

Rachaidh an teagmháil phearsanta go mór i bhfeidhm ar an chliant de thairbhe gur chuir tú an stró ort féin dul fhad leo.  Léiríonn seo don chliant gur suim leat a bhfuil ar bun acu.  Tá a fhios an chliant gur duine gnóthach thú mar gur duine le gnó í/é féin!  Tá tú ansin ar an láthair le freagraí a thabhairt ar cheist ar bith atá ag déanamh imní dóibh.  Ní féidir leo a leithéid a dhéanamh os coinne ríomhaire go háirithe má tá brú ama orthu.  Nuair atá prainn i gceist is é frustachas a bhéas ar an chliant ag fanacht le scéala ar ais ó sheirbhís aiseolais idirlíne.

Ní féidir a shéanadh ná go bhfuil an-tábhacht  leis an suíomh gréasáin, an cartá gnó agus na meáin shóisialta chun ardán a thabhairt de do ghnó.  Ach, sílim go dtagann siad seo sa dara háit in ord reatha an díolacháin. Dhíreoinn m’aird ar an teagmháil phearsanta i dtús báire agus gach rud eile ina dhiaidh mar chúl taca de do chur chuige ghnó! Tháinig torthaí staidir amach le déanaí a léiríonn an easpa seo, an teagmháil phearsanta, (ní amháin i gcúrsaí gnó ach i gcúrsaí sóisialta) agus go bhfuil gá ansin níos mó ná a bhí ariamh, de thairbhe an méid béime atá leagtha ar an idirlion maidir le diolachán, le dul ar ais ar an teagmháil phearsanta a bhíodh ann sna blianta a chuaigh thart.

Mar sin a chairde, tar amach as taobh thiar den ríomhaire agus téigh fhad le do chliant nua, nó mura a bhfuil tú in ann an teagmháil seo a dhéanamh leo tóg an guthán.  Labhair leo agus cur ina lui orthu gur do ghnó-sa an gnó atá abálta freastal ar a gcuid riachtanas.  Má chuireann tú an cliant ar a c(h)ompord, beidh leat agus cuirfear do theagmháil phearsanta agus do chumas ar shúile do lucht ghnó eile. 

Cuidíonn Moira Ní Ghallchóir, bean as Dún na nGall, le lucht ghnó iad féin a spreagadh i dtreo díolacháin, ratha sola agus saoirse.  Bhí an scéal faoina teacht i mbláth rathúil éachtach faoi thrácht san: Irish Independent BusinessSupplement agus ar chlár Marian Finucane ar RTÉ.  Údar fhoilsithe í sa leabhar: Remarkable Women: Overcoming Mediocrity a bhí go hoifigiúil ag #1 ar an leabhar ab fhearr díolta ag Amazon.  

Dean nasc le Moira ar: www.moira.ie