skip to main content

Is Binn Béal Ina Thost: Comhráite Ciotacha

Tá Banter agus RTÉ ag comhoibriú le chéile chun imeacht a eagrú mar chuid de Bhliain na Gaeilge. Deis í seo lena bhfuil ag tarlú sa teanga a phlé, ceisteanna nach dtugtar aghaidh orthu a chíoradh.

Tá Bliain na Gaeilge faoi lán tseoil, bíodh sé go bhfuil muid tógtha leis an gcoincheap nó nach bhfuil. Bíonn an teanga go minic ina cnámh spairne i measc Bhéarlóirí agus airíonn pobal na Gaeilge gur dóibh í a chosaint.  Tabharfaidh an painéal faoina bhfuil le plé eadrainn féin mar phobal, comhráite míchompordacha san áireamh!

Roinnfidh Cilian Fennell, Stiúrthóir Stillwater Communications, Hannah Ní Bhaoill, eagraí Féile na Gealaí, Osgur Ó Ciardha, comhbhunaitheoir Pop Up Gaeltacht agus Sinéad Ní Uallacháin, craoltóir le RTÉ Raidió na Gaeltachta a dtuairimí ar cheisteanna ciotacha in atmaisféar neamhfhoirmiúil. Rachaidh €5 a bhailítear ag an doras chuig an Simon Community. Is í Áine Ní Bhreisleáin, craoltóir RTÉ Raidió na Gaeltachta a bheidh ina bean a'tí ag an ócáid. 

Is féidir leat ticéad a cheannach anseo