skip to main content

"Bhris an líne go tobann, cosúil leis an Rúis fadó."

Labhair Dáithí Mac Cárthaigh, abhcóide, ar Cormac ag a Cúig ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoi mar a cuireadh cosc ar oibrí de chuid The AA Gaeilge a labhairt leis, tar éis don bhfear óg iompú ar an nGaeilge go nádúrtha nuair a thuiggur sa Ghaeltacht a bhí cónaí ar Dháithí.

"Iarradh orm mo sheoladh a dheimhniú agus nuair a chonaic sé gur Ráth Cairn an seoladh a bhí agam, thosaigh an fear óg ar an taobh eile den líne ag Gaeilgeoireacht liom ... agus bhí sé sin go deas. .. bhí cúrsaí ag dul ar aghaidh go breá agus ansin gearradh an líne go tobann agus tháinig sé thar nais chugam ansin agus d’iompaigh sé ar an mBéarla. Shíl mé go raibh sé saghas ait .. Bhris an líne go tobann, cosúil leis an Rúis fadó." 

"Lean mé ar aghaidh i mBéarla ... agus dúirt mé ab é nach bhfuil cead agat an Ghaeilge a labhairt le haghaidh do chuid oibre?  Níl a deir sé. Bhí sé sin go dona.  Ó tharla go raibh siad ag taifeadadh thosaigh mé ag óráidíocht, dúirt mé gur bocht an scéal é agus nach mbeadh mé ag leanúint mar chustaiméir más é seo an leagan amach atá ag an AA."

Dúirt an tUasal Mac Cárthaigh gur chuir sé teachtaireacht chuig an AA agus gur mhol sé go mbreathnófaí ar a leithéid mar acmhainn seachas mar mhíbhuntáiste.

"Ba cheart dóibh féachaint ar leithéidí mo dhuine mar acmhainn don tseirbhís, gur rud thar a bheith dearfach é, go háirithe i gcomhthéacs gur tír dhátheangach í seo agus go bhfuil muid in aontas atá ilteangach, an tAontas Eorpach ... Go mbeadh sé thar a bheith nádúrtha go mbeadh a leithéid ar fáil agus nach raibh bun ná barr ag baint le toirmeasc a chur ar úsáid na Gaeilge san ionad oibre."

"An chuid is mó den am bíonn deacrachtaí againn pléigh le seirbhísí stáit agus bheith ag iarraidh teacht ar Ghaeilgeoir .  Sa chás seo bhí mé tar éis teacht ar Ghaeilgeoir trí thimpiste agus gurb é an córas fhéin a chur cosc ar úsáid na Gaoluinne." 

I ráiteas don chlár, dúirt an AA go ndéantar monatóireacht ar na glaochanna fóin go léir, agus nach gcuirtear é sin ar fáil ach i mBéarla, agus gur cúinsí praiticiúla amháin is cúis leis an gcinneadh gan cead a bheith ag oibrithe ach Béarla a labhairt ar na glaochanna fóin.  Dúradh go mbeadh costas ag baint leis na seirbhísí a chur ar fáil i réimse teangacha.  Níor ghlac an tUasal Mac Cárthaigh leis seo.

"Ní shin míniú.  Ní bheadh costas ar bith ar dhuine ar bith dá mbeadh cead ag an bhfear sin leanúint ar aghaidh i nGaoluinn ... Ní raibh mé ag lorg seirbhís iomlán i nGaeilge ... Ní raibh mé ach ag lorg ná beidh cosc ar an té a bhí ag labhairt liom Gaoluinn a labhairt."

De bharr an méid a tharla, tá a chuid ballraíocht san AA curtha ar ceall ag an Uasal Mac Cárthaigh. 

Mhol sé go mba cheart breathnú ar reachtaíocht a chuirfeadh cosc ar fhostóirí cosc a chur ar dhaoine Gaeilge a labhairt san ionad oibre muna féidir leo cúis an-láidir a thaispeáint chuige sin.

Bhí Dáithí Mac Cárthaigh faoi agallamh inniu ar an gclár Cormac ag a Cúig ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Craoltar Cormac ag 5 idir 5 agus 6 ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.