Labhair Nuacht ag a hAon ar RTÉ Raidió na Gaeltachta le Johnny Mhichael Choilm Mac Donnchadha, athair an scannánaí, Martin McDonagh, a bhfuil gradaim Golden Globe buaite aige don scannán 'Three Billboards Outside Ebbing Missouri'.
Dúirt Johnny go raibh sé féin agus a bhean, Mary 'ar bharr an domhain' nuair a chuala siad go raibh an duais don script scannán is fearr bainte aige ag na Golden Globes.
Bhí Martin agus a dheartháir, John Michael sa bhaile ag an Nollaig agus iad 'ag ól neart 'agus 'an-happy', dar lena n-athair, Johnny. Tá Johnny den tuairim go bhfuil spéis atá léirithe ag an mbeirt mhac sna scannáin 'siar sna daoine'.
Craoltar Nuacht ag a hAon 13:00 - 14:00 Luan - Aoine ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.