Labhair Paddy Ó Maoilchiaráin ó Ghort an Choirce i nDún na nGall inniu le hÁine Ní Churráin ar an gclár Barrscéalta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoina scéal féin, agus é ag fanacht ar thrasphlandú scamhóige. Mhol sé do gach duine cárta deontóra a bheith leo.
Tháinig gearranáil ar Phaddy sa bhliain 2013, agus tá sé ar an liosta le trasphlandú scamhóige a fháil ó mhí Aibreáin 2017.
"Níl mé iontach maith anois a Áine ... corruair, an rud ba mhaith leat a dhéanamh, níl tú ábalta é a dhéanamh. B’fhéidir go siúlfá amach go dtí an carr, b’fhéidir go gcaithfeá suí sa charr cúig bhomaite go bhfaighidh tú d’anáil back. Nó b’fhéidir go rachfá suas an staighre agus ansin tá agat le suí thuas cúig bhomaite ... tá an anáil ag éirí níos giorra an t-am ar fad ... I dtólamh dtólamh tá an rud seo ort suas i do ghaosán (ocsaigin), tá tú i dtólamh tarraingt isteach an ocsaigin, níl, creidim, fáil ar shiúl ar bith air ... i rith an ama, tá sé ort oíche agus lá."

Mhínigh Paddy d’Áine gur glaodh air le dhul go Baile Átha Cliath roimh Nollaig mar go raibh deis an trasphlandú a fháil, ach ar an drochuair ní hé a fuair sa deireadh iad mar gur fheil na scamhóga níos fearr do dhuine de na hothair eile. Fuair sé an glaoch ag 3.05 pm agus faoi 7.10 pm bhí sé in Ospidéal an Mater i mBaile Átha Cliath.
"Bhí triúr againn uilig ann, agus an té is fearr atá ina match ansin gheobhaidh sé é. Dúirt siad liom: Tá muid buartha ach cha raibh tú i do mhatch, bhí an duine eile níos fearr agus beidh tú ag dul na bhaile ... Bhí sé rud beag doiligh san am. Ar a laghad, dúirt mé liom féin, an duine eile go ndearna sé maith dósan. B’fhéidir go bhfuil mo lá-sa anois ag teacht."
Tá Paddy 57, agus tá scamhóg amháin ag feidhmiú ag 60% agus an ceann eile ag 40%, agus deir a chuid dochtúirí dá bhfaigheadh sé scamhóg mhaith amháin gur leor é sin.
"Dá bhfaighinn scamhóg nua amháin a bhí 100% tá mé ag meas go mbeadh saol eile agam"
Mhol Paddy do dhaoine cárta deontóra a bheith leo i gcónaí:
"Ba cheart do achan duine carda a bheith leis, tá sé dul a dhéanamh b’fhéidir maith do dhuine inteacht"
Chaill Paddy cúig chloch go leith meáchain ionas go mbeadh sé in ann a bheith ar an liosta don trasphlandú. Bhí sé ag obair suas go dtí anuraidh ag tiomáint busanna do Joe Mangan ach ansin b’éigean dó dul ar an ocsaigin. Deir sé gur thaitin an post sin thar cionn leis agus go n-airíonn sé uaidh go mór anois é.dhuine inteacht."
Bhí Paddy faoi agallamh Dé Luain ar Barrscéalta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.