Bhailigh Gaeil le chéile sa Sugar Club san Ardchathair leis an gceol i nGaeilge a cheiliúradh. Craoladh an seó beo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, idir ceol ón ardán le Rónán Mac Aodha Bhuí agus an chraic sa Seomra Glas le Sinéad Ní Uallacháin.
Seo Lauren Ní Chasaide, duine d'iomaitheoirí na hoíche mar a sheinn sí a leagan Gaeilge den amhrán Landslide.
We need your consent to load this Facebook contentWe use Facebook to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences
Bhí ceol le IMLÉ, Kíla, Abhainn Bheara, Pádraig Jack, Róisín Seoighe agus a thuilleadh ar stáitse le linn na hoíche.

