Athbhliain faoi mhaise daoibh! Súil agam go bhfuil sibh ag teacht ar ais chugaibh féin tar éis na Nollag, agus nach bhfuil mí Eanáir ró-thirim agus leamh ar fad go dtí seo!

Ba ghnóthach an mhí í mí na Nollag domsa óna thús nuair thaisteal mé go chomhdháil ceithre lae in éinneacht leis na FLTA-annaí (Foreign Language Teaching Assistants) Fulbright eile ar fad. Tá thart ar 400 múinteoir FLTA i Meiriceá ar an iomlán, agus bhuail mé le cairde nua ó gach cearn den domhan.

Is ag díriú ar ár scileanna múinteoireachta a bhíomar, agus bhí cainteanna againn ar ábhair éagsúla gach lá.Ba gheall le filleadh abhaile cheana féin é nuair a bhuail mé le muintir na hÉireann. Cé go mbím ag éisteacht le Gaeilge anseo ar an raidió agus TG4, agus ag labhairt le cairde tríd an idirlíon, ní féidir fíorchomhrá a shárú!

Bhí Nollaig den scoth agam sa bhaile ar ais i measc mo chairde agus mo theaghlach, agus i gcomparáid le fuacht chrua Philadelphia, bhraith mé go raibh an aimsir in Éirinn breá séimh!

In Philadelphia is gnách dom dhá phéire láimhíní a chaitheamh, hata a bheith orm i gcónaí, agus is gá dom m’aghaidh a bheith clúdaithe an méid gur féidir liom. Deirtear liom go bhfuil sé níos fuaire fós faoi láthair, agus cé nach bhfuil aon deabhadh orm dul ar ais chuige sin, táim ag súil le filleadh.

Ní raibh aon imní orm Éire a fhágáil an uair seo, go háirithe i gcomparáid le mí Lúnasa, nuair a bhí naoi mí fada romham agus gan tuiscint ar bith agam ar céard a thitfeadh amach.

Ag breathnú siar ar an gcéad téarma Fulbright a bhí agam, is cinnte go raibh mé míchompordach in amantaí, agus go raibh codanna den taithí a bhí agam deacair, ach mar atá scríofa i marcóir dubh ar bhalla mo dhearthár sa bhaile, "Your comfort zone is nice, but nothing grows there."

Tuigim go breá anois go bhfuil an clog ag comhaireamh síos agus ní fada go mbeidh m’eachtra Fulbright ar fad thart! Mar sin is gá dom na deiseanna ar fad a thagann i mo threo a thógáil.

Agus ar an bpointe sin; toisc nach dtosóidh téarma an earraigh in Villanova go dtí 16ú Eanáir, ghlacas leis an deis stopadh in Orlando le cuairt a thabhairt ar Universal Studios agus The Wizarding World of Harry Potter!

Go mbaine sibh sult as an gcuid eile de mhí Eanáir, beidh mé ag scríobh arís i gceann míosa

Is féidir leat Ciara a leanúint ar Twitter ag @miseciara