Dé hAoine seo caite nuair a chuaigh Kneecap, an grúpa rapcheol nua as Béal Feirste ar stáitse ag Gradaim Cheoil Nós, chuaigh an slua ar mire. An mhaidin dár gcionn, chuaigh an triúr chun cainte le Bláthnaid Ní Chofaigh ar a clár, Bláthnaid Libh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta. 

Labhair siad le Bláthnaid faoin rapcheol agus an tábhacht a bhaineann leis an seánra d'aicme áirithe sa sochaí. Dúirt Mo Chara, ball den ghrúpa go dtugann sé cumhacht dóibh siúd nach bhfuil cumhacht acu inár bpobail:

"Nuair nach bhfuil aon rud eile gur féidir leat déanamh, an t-aon dóigh chun tú féin a chur amach ansin." "Tugann sé guth do dhaoine nach bhfuil guth acu, sin mar a bhí sé le blianta fada. Sílim go bhfuil muid ag tappáil isteach ansin."

Cé go bhfuil an greann fite fuaite i ngach atá déanta ag an ngrúpa go nuige seo, deir Móglaí Bap go bhfuil doimhneacht ina bhfuil á rá acu freisin:

"Úsáideann muid an greann chun daoine a tharraingt isteach chun a bheith ag éisteacht agus ansin,tá sé ag brath orthu chun an teachtaireacht a díchriptáil. Is cinnte go bhfuil teachtaireacht ansin, dár ndóigh."

Kneecap ar an stáitse

Phléigh an triúr na fréamhacha an cheoil áirithe sin agus ina dtuairim, tá siad ag meascadh cultúr Mheiriceá le cultúr na hÉireann. 

"Sean nós é, really, gur thóg muid an tionchar sna 70í agus na 80í, ó Mheiriceá, ón mBronx agus an fhilíocht in Éirinn, tá muid á dhéanamh le fada."

Bhuaigh an grúpa dhá ghradam ar an oíche, Nuíosach na Bliana agus Físeán na Bliana.

Craoltar Bláthnaid Libh gach Satharn idir 10 agus 11 ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.