Anocht san ardchathair, bronnfar Gradaim Cheoil Nós orthu siúd a chruthaigh ceol i nGaeilge le bliain anuas. Beidh Rónán Mac Aodha Bhuí ina fhear a tí agus beidh Kíla, Pádraig Jack, Róisín Seoighe agus Kneecap i measc na gceoltóirí beo óna 8 ar RTÉ Raidió na Gaeltachta!
Tá pobal na Gaeilge ar bís faoin ócáid bhliantúil agus iad ag díriú na hiomaitheoirí is ansa leo le cúpla seachtain anuas:
Beidh #BLOC ag teacht beo ó #GNÓS18 AMÁRACH idir 7.00pm agus 11.00pm. Cad é do rogha le haghaidh Ceoltóir/Banna na bliana? Seo @KNEECAPCEOL, @NiamhNiChroinin,@AlexOceallaigh, @Siuners agus @SNiUallachain ag éisteacht le Oisín Mac. @nosmag @MacallaTeo @RaidioRiRa @TG4TV pic.twitter.com/c3w8Xh8fZm
— Bloc (@BLOCTG4) January 11, 2018
Beidh Sinéad Ní Uallacháin, Banríon na Siamsaíochta sa Seomra Glas ag caint leo siúd ar éirigh leo ainmniúchán a fháil.
