Tosóidh sraith nua de Tríd An Lionsa anocht ar TG4 ag 8 i.n a fhéachann ar shaibhreas iontach na dtaiscí cartlainne grianghrafanna sa tréimhse 1880-1902, luath-laethanta ré na grianghrafadóireachta in Éirinn.
 
Is taisce luachmhar do raon leathan taighde iad na bailiúcháin atá ar fáil ón ré seo  -stair shóisialta, pholaitiúil, ailtireachta &rl.  Deir an seanfhocal linn gur fearr pictiúir amháin ná míle focal agus tá faisnéis agus tuiscintí le baint freisin ag an saineolaí as an rud nach bhfuil ar taispeáint nó atá ceilte orainn in aonturas i ngrianghraf.  Bíonn cúis le rud a chur i bpictiúir agus cúis le rud a fhágáil (nó a ghearradh) as.
 

Is í an staraí aitheanta an Dr. Úna Ní Bhroiméil  ár dtreoraí sa tsraith seo agus í a ransú léi thrí thaiscí iontacha: bailiúchán Darkest in Átha Cliath, bailiúchán Átha Cliath ag Cumann na nAiltirí, bailiúcháin Leabharlann Náisiúnta na hÉireann (Poole, Clonbrock agus Bhord na gCeantar Cúng), bailiúchán príobháideach cártaí poist  agus grianghrafanna príosúin sa gCartlann Náisiúnta agus i bPríosún Chill Mhaighneáin. 

Caption

Craolfar Tríd an Lionsa anocht, Déardaoin ar a 8 ar TG4.