Labhair an teiripeoir leanaí, Eithne Ní Dhraighneáin le Cormac Ó hEadhra ar Cormac ag 5 ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoin imní a bhíonn ar pháistí óga agus cén chaoi le dul i ngleic leis.

Deir Eithne go bhfuil sé normálta do pháiste óg imní a bheith orthu agus go dtugtar 'separation anxiety' air. Deir sí gur 'rud tipiciúil é, caithfidh sé tarlú agus is rud maith é ó thaobh forbairt an linbh de.' 

Bhí comhairle ag Eithne do thuismitheoirí atá ag streachailt le páistí agus leag sí béim ar an ngaol idir iad agus an páiste agus an 'láithreacht' a theastaíonn:

"an rud is tábhachtaí ná a bheith láithreach, 'séard atá i gceist agam ná ó thaobh na mothúchán de- múch na gutháin phóca agus na devices agus mar a deir siad sa litríocht síceolaíochta, a bheith emotionally atuned."

Luaigh Eithne an tábhacht a bhaineann leis an bhfoghlaim a dhéanann páistí agus iad ag súgradh le bia nó bréagán a chaitheamh uathu mar 'go dtuigeann siad anois gur féidir le rud éigin dul as radharc ach gur féidir leis a theacht ar ais'. Cuidíonn an fhoghlaim seo leis an imní a bhíonn ar pháistí a cheannsú nuair a fhágann a dtuismitheoirí iad mar go bhfuil tuiscint acu imeacht agus filleadh. 

Craoltar Cormac ag 5 Luan go hAoine idir 5 agus 6 ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.