skip to main content

An Rí agus An Ridire

Cad a shílfeadh buachaill beag ocht mbliana, d'oileán Thoraí? Labhair Hiúdaí Mac Gairbheith ar Bharrscéalta  faoi shaol an Oileáin agus na freagachtaí atá air ó rinne an Rí ridire an Oileáin dó. 

Dúirt Hiúdaí gur maith leis am a chaitheamh istigh ar an oileán ag snámh agus ag iascaireacht. Cé go bhfuil cónaí ar Hiúdaí i Rann na Feirste ar an tír mór, tá sé an-tógtha le muintir an oileáin go háirithe Patsy Dan, Rí an Oileáin. Dar le Hiúdaí, tá sé 'iontach cairdiúil, greannmhar agus seinneann sé an bosca ceoil, fear deas atá ann'. 

Patsy Dan Mac Ruairí, Rí Thoraí

Rinne an Rí chéad ridire an oileáin de Hiúdaí agus tá eolas go leor aige ar na freagrachtaí atá air leis an Rí agus an oileáin a chosaint. 

"Má tá Patsy Dan i dtrioblóid caithfidh mé tarrtháil a thabhairt dó. Caithfidh mé cosaint a thabhairt don oileán agus caithfidh mé cuidiú leis an oileán má tá sé i gcruachás."

Craoltar Barrscéalta  idir 11:02 - 12:00 Luan-Aoine ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.