Labhair muid le Cormac Ó hEadhra faoin mbliain a bhí ag a chlár, Cormac ag 5 agus faoina bhfuil sé ag súil leis ón mbliain nua.

D'éirigh le Cormac ag 5 go leor a bhaint amach i mbliana, gradaim an Oireachtais agus gradam IMRO ina measc, an bhfuil aon chlár a sheasann amach duit

Sin í an cheist ba mheasa a bhféadfá a chur orm. Tugaim aghaidh ar an gcéad chlár eile láithreach agus bíonn an clár déanta dearmadta. Sé sin mura mbíonn daoine ag gearán liom ar chúis eicínt. Ach maidir leis na gradaim, sílim gur chuidigh na bagairtí a rinne mé le moltóirí!! 

Cad a léann tú le hullmhú don chlár? 

Ní fhéadfá srian a chur le do chuid foinsí léitheoireachta ach go ginearálta : córas eolais inmheánach thuairisceoirí RTÉ, nuachtáin, preas ráitis, tuarascála, meáin shóisialta srl. Gnáth-ullmhúchán do chuile chraoltóir sílim.

Tá bliain mhór os ár gcomhair le Breatimeacht, reifreann, toghchán don Uachtarántacht... bhfuil ábhar ar bith nach mbíonn dúil agat a phlé ar an gclár?

Níl! Chomh fada is go bhfuil na cainteoirí agus na tuairimí cliste, ciallmhar, spreagúil ar bhealach eicínt nó barúil.

Craoltar Cormac ag 5 idir 5 agus 6 i.n. ón Luan go hAoine ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.