Fáilteoidh TG4 roimh an mbliain úr beo ó 11.20 anocht i dTigh Pháidí Uí Shé le ceolchoirm spleodrach i nGaeltacht Chorca Dhuibhne.   Tá lineup den chéad scoth ann, ina measc, Clann Mhic Ruairí, Liam Ó Maonlaoí, Muireann Nic Amhlaoibh, Síle Denvir agus Pólca 4.

Beidh ceol agus rince, amhráin, cuimhní cinn agus neart ceiliúradh ar siúl ag Caitlín Nic Aoidh agus Pádraig Ó Sé, láithreoirí an chláir, ag féachaint siar ar 2017 agus chun cinn ar a bhfuil romhainn do Bhliain na Gaeilge, 2018.  

 

Láithreoirí an chláir, Pádraig Ó Sé agus Caitlín Nic Aoidh

Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil faoi Bhliain na Gaeilge anseo.