Fáilteoidh TG4 roimh an mbliain úr beo ó 11.20 anocht i dTigh Pháidí Uí Shé le ceolchoirm spleodrach i nGaeltacht Chorca Dhuibhne. Tá lineup den chéad scoth ann, ina measc, Clann Mhic Ruairí, Liam Ó Maonlaoí, Muireann Nic Amhlaoibh, Síle Denvir agus Pólca 4.
Beidh ceol agus rince, amhráin, cuimhní cinn agus neart ceiliúradh ar siúl ag Caitlín Nic Aoidh agus Pádraig Ó Sé, láithreoirí an chláir, ag féachaint siar ar 2017 agus chun cinn ar a bhfuil romhainn do Bhliain na Gaeilge, 2018.
Beidh muid ag cur tús breá ceolmhar le Bliain na Gaeilge 2018 beo as Thigh Pháidí Uí Shé i gCeann Trá i nGaeltacht Chorca Dhuibhne. We get 'Bliain na Gaeilge' off to a great start in Kerry this New Year's Eve! pic.twitter.com/BnPjZF9y97
— TG4 (@TG4TV) December 21, 2017
Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil faoi Bhliain na Gaeilge anseo.