Cuireann Cearbhall Ó Síocháin, An Cheárta, clár ealaíona i láthair ar RTÉ Raidió na Gaeltachta. Labhair muid leis faoi na saothair a chuaigh i bhfeidhm air ó thús na bliana.
Dá mbeifeá le 3 fhocal a roghnú le cur síos a dhéanamh ar 2017, cad a roghnófá?
Maoiniú suarach ealaíontóirí
Tá An Cheárta, clár ealaíona ar RTÉ RnaG á léiriú agus á láithriú agat, an bhfuil mír ar bith a chuaigh i bhfeidhm go mór ort?
Colún ag Mícheál Ó hAodha faoi Constance Mary Smith, réalt-aisteoir Éireannach as Luimneach, a d'fhulaing gnéas-chiapadh agus dímheas fheidhmeannaigh na stiúdéonna móra scannáin i Hollywood agus Londain idir na 1940daí agus 1980daí, agus nach bhfuilimid ach tosnaithe ar dhíriú ar an bhfadhb seo in 2017. #Saolnatuisceanna?
An bhfaca tú aon saothar/taispeántas a chur ag smaoineamh tú le linn 2017?
Bhí Soldier Still le complacht rince Junk Ensemble ana-chumhachtach, corraitheach - iarracht mhaith ar saol an tsaighdiúra a fhulaingíonn cogaíocht agus neamhord strus iarthéarmach a mhíniú dóibh siúd - formhór mor an phobail - nach dtuigeann a gcás.
We need your consent to load this Vimeo contentWe use Vimeo to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences
Cad leis a bhfuil tú ó 2018?
Seasamh fóid in aghaidh mire cheannasaíochta nó dintiúr iomlán - ní fiú an lagiarracht
Craoltar An Cheárta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta Dé Domhnaigh, 13.15 - 14.00.