Dar le Cormac Ó hEadhra, láithreoir Chormac ag 5, RTÉ Raidió na Gaeltachta, tá sé in am irisí na Gaeilge a 'sexáil suas'. Cad a deir sibhse?
Ar a chlár agus é ag caint le hÍte Ní Chionnaith, dúirt sé go raibh na clúdaigh ar Comhar, Feasta, an tUltach agus An Timire 'an-choimeádach' agus an lá dar gcionn, threisigh sé a phointe, ag rá:
"Seasaim leis an ráiteas a rinne mé go bhfuil na clúdaigh ar na hirisí Gaeilge an-choimeádach"
Deir Cormac go mbaineann irisí Béarla úsáid as tactic a mheallann breis léitheoirí 'bean nó fear atá slachtmhar' a chur ar chlúdach na hirise agus gur cheart d'irisí na Gaeilge amhlaidh a dhéanamh.
Anois, cad a deir sibhse?
We need your consent to load this apester contentWe use apester to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences