skip to main content

Rogha na bhFéiríní Nollag do Pháistí

Má tá tú cosúil le cuid mhaith againn, níl na bronntanais ar fad ceannaithe againn, ná baol air! Seo rogha na bhféiríní atá ar fáil an Nollaig seo a d'oirfeadh do dhaoine óga. Tá na cluichí seo ar fad ar fáil ó Ghlór na nGael.

Tá sé simplí ach tá 'fhios againn nach féidir an chraic a shárú tar éis dinnéar na Nollag le cluiche Snap!

Snap as Gaeilge

'Bhfuil a dhath níos gleoite ná daoine beaga in éadaí Gaelacha? Ní dóigh liom é... Tá rogha álainn le fáil ag an Spailpín Fánach

awww..

Tá áit aimsithe ag Scrabble i gcroíthe na ndaoine timpeall an domhain agus tá sé anois ar fáil i nGaeilge

Nach deas an dearadh atá air seo? D'oirfeadh seo don té a bhfuil dúil aige/aici sa léitheoireacht/scríbhneoireacht agus an spraoi ar féidir a bhaint as frásaí agus focail!

Imeartas Focal

Sásaíonn Biongó Bóthair páistí agus dár ndóigh, tuismitheoirí ar thuras fada sa charr!

Biongó Bóthair