Le déanaí, tháinig Alan Esslemont, ceannasaí reatha TG4 agus an bheirt a chuaigh roimhe, Pól Ó Gallchóir agus Cathal Goan chuig stiúideo Dhomhnach Broc le labhairt le Tristan Rosenstock ar Chormac ag 5 ar RTÉ Raidió na Gaeltachta le labhairt ar stair agus todhchaí an stáisiúin i gcomhthéacs leabhar Sheán Tadhg Uí Ghairbhí, Súil Eile. 

Dhírigh Tristan ar roinnt mhaith de na mórcheisteanna a chuirtear faoi TG4; faoi phobail éagsúla an stáisiúin, faoi dhúshláin na bhfotheideal agus faoi thábhacht an bhranda.

Labhair Cathal Goan, ceannasaí bunaithe an stáisiúin faoin gcáineadh a fuair an TnaG sna meáin Bhéarla sna blianta luatha agus dúirt sé:

"Bhí go leor daoine a bhí amhasach ach bhí siad sásta deis a thabhairt dúinn...Bhí daoine áirithe agus thiocfadh ainm a chur orthu anois, dá mbeadh conspóid ann anois gurb iad na daoine ceanann céanna a bheadh ag tabhairt amach faoi. Daoine a íoctar de réir an méid focal atá siad in ann cur amach agus b'fhéidir go bhfaigheann siad bónas as binib na bhfocal sin, seachas aon rud eile."

Nuair a d'iarr Tristan ar Phól Ó Gallchóir ceann de mhórcheisteanna a ardaítear faoin gcainéal, cé air a bhfuil TG4 ag freastal, luaigh sé go síleann sé go bhfuil muid róthógtha le hanailís a dhéanamh orainn féin agus go bhfuil an baol ann go sáineofar muid i bpóca, dá réir. 

"Sílim go gcaitheann muid mar Ghaeilgeoirí barraíocht ama ag déanamh anailíse orainn féin agus ar phobal na Gaeilge, na Gaeltachta agus an mórphobal agus ní fheicim go mbíonn RTÉ 1 nó BBC ag caitheamh ama ag déanamh anailíse ar na pobail éagsúla seo. Tá cuid mhór, mhór pobail éagsúla ansin; is Gaeilgeoir mise, is Béarlóir mé chomh maith, tá suim agam in Coronation Street, GAA Beo, tá suim agam in go leor, so níor cheart mise nó tusa a chur isteach in aon phóca, mar go labhrann muid Gaeilge, is gnáthdhaoine muid."

Agus oidhreacht an stáisiúin á ríomh ag Cathal Goan, leagann sé béim ar an tráchaireacht sna meáin Bhéarla:

"Tá sé an-spéisiúil an rud sin, faoi thuairim an phobail; sílim ón tús go raibh an t-aiseolas ag teacht ar ais ó phobal na Gaeilge go raibh siad, don chuid is mó, sásta leis an chineál rud a bhí á chur ar fáil daoibh. An gearán ba mhó a bhí ann ariamh ná nach raibh go leor de ann. Agus ansin, bheadh daoine ag tabhairt amach faoi na fotheidil Bhéarla ar rudaí. Ach, insan earnáil Bhéarla ina dtarlaíonn an chuid is mó den díospóireacht seo agus chuimhnigh go bhfuil muid uilig, Gaeilgeoirí chomh maith le Béarlóirí faoi thionchar na meáin Bhéarla, is nuair a bhain TG4 aitheantas éigin amach in earnáil na meáin Bhéarla a thosaigh rudaí ag athrú"

Bhí ceannasaí reatha an stáisiúin, Alan Esslemont sásta a bhfuil bainte amach ag an stáisiún maidir le brandáil a cheiliúradh, rud a bhí ina cnámh spairne nuair a bunaíodh TnaG, mar a thugtaí air. 

"An rud is láidre atá ag TG4 ná a bhranda, b'fhéidir gurb é sin an rud is deacra nuair a thosaigh muid amach"- Alan Esslemont

Craoltar Cormac ag 5 ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 5 agus 6.