Tá an chéad lá de mhí na Nollag buailte linn agus tá séasúr na siopadóireachta faoi lán tseoil. Má tá páiste i do shaol, nár dheas ceann de na leabhair iontacha seo a thabhairt dóibh don Nollaig?

Lindbergh - Scéal Luchóige a d'Eitil le Torben Kuhlmann, aistrithe ag Andreas Vogel agus Máire Zepf.  Scéal álainn faoi lúchóg staidéarach a chaitheas Hamburg a fhágáil de bharr na cait ar fad!  Beartaíonn sé eitleán a thógáil agus eililt trasna an Atlantach chuig Meiriceá áit a dtéann a eacht i bhfeidhm ar leadín óg, darb ainm....Charles Lindbergh!

Bí ag Spraoi Liom! le Sadhbh Devlin agus Tarsila Kruse

Faoi Lúna ceapadóir óg a thógann meaisín ama, ach faraor, tá Mamaí ró-ghnaitheach dul ag spraoi léi.  Scéal álainn a chuireann i gcuimhne dúinn am a dhéanamh do na rudaí agus na daoine is  tabhachtaí inár saol!

Foclóiropedia le John agus Fatti Burke

Foclóir é seo ach foclóir é nach bhfuil cosúil le foclóirí eile. Tá léaráidí an leabhair chomh tábhachtach agus na focail féin agus clúdaítear níos mó ná téarmaíocht ann, tá cur síos ar mhothúcháin, tréithe pearsanta agus ainmneacha tíortha ann freisin.

The President's Glasses- Peter Donnelly

Scéal eachtraíochta a leanann an tUachtarán agus é ag cuartú a chuid spléaclaí. An dtiocfaidh sé orthu in am? An mbeidh a chara, an colúr ag teacht i gcabhair air?

Barr ar an Donas le Jeff Kinney, aistrithe ag Máirín Ní Mhárta. 

An triú leabhar sa sraith Diary of a Wimpy Kid atá aistrithe go Gaeilge.  Ceapann Frank Heffley gur féidir leis Greg a dhéanamh "fearúil".  Agus le cinntiú go n-éireoidh leis, cuireann Daid iallach ar Greg páirt a ghlacadh i gclub sacair agus cúrsaí "fearúla" eile.  Ach féach: beidh Greg Heffley ina dhúradán go deo.  Ach cén uair a thuigfidh a Dhaid an méid sin? 

An Billiúnaí Beag le David Walliams, aistrithe ag Máirín Ní Mhárta. 

Beidh na deora (idir chaoineadh agus gháire) le léitheoirí óga agus scéal Joe Práta á léamh acu. Leaid óg dhá bhliain déag d’aois é Joe agus tá sé lofa le hairgead.  Tá na milliún agus na trilliúin euro ag Joe.  Tá teilífiseán plasma 100 orlach i ngach seomra sa teach aige, tá ráschúrsa grand prix ar chúl an tí aige, níl sé gann ar thada, ach rud amháin: cara….

Is féidir leat na leabhair a aimsiú anseo agus anseo