Bláthnaid Libh, RTÉ Raidió na Gaeltachta ag obair le Gradaim Cheoil Nós agus RTÉ 2fm le hAmhrán na Bliana a roghnú. The winning song will be remastered and become the first song as Gaeilge to be added to 2fm's playlist. 

Head of 2fm, Dan Healy said the partnering with Raidió na Gaeltachta in picking Amhrán na Bliana with Nós, the digital lifestyle magazine, 'made sense' and was in line with 2fm's bilingual strategy and mentioned how 'bilingualism should be natural' on the airwaves.

Dan Healy, Ceannasaí 2fm agus Eoghan Mc Dermott

Dúirt Bláthnaid go ndeachaigh sí chuig Gradaim Cheoil Nós agus gur aithin sí go raibh daoine ag breathnú ar an gceol i nGaeilge ar bhealach comhaimseartha, 'más buntáiste atá ann é a scríobh i nGaeilge agus é a chasadh i nGaeilge, cén dochar?'

Dúirt Gearóid Mac Donncha, Ceannaire Gníomhach RTÉ Raidió na Gaeltachta go raibh 'ríméad' air go raibh an stáisiún ag tacú le ceol comhaimseartha i nGaeilge agus 'soiscéal na Gaeilge' á scaipeadh.

'Aithníonn muide go bhfuil sé tábhachtach do phobal na Gaeilge agus tá muid ag cur seirbhíse ar fáil dóibh siúd, mar pháirtnéireacht, tá sé iontach.'

Gearóid Mac Donncha, Ceannaire Gníomhach, RTÉ RnaG agus Tomaí Ó Conghaile, Eagarthóir Nós

Is féidir le hamhránaithe agus ceoltóirí cur isteach ar na Gradaim anseo go dtí an 14 Nollaig.

Bronnfar na Gradaim Cheoil sa Sugar Club ar an 12 Eanáir. Is féidir leat ticéad a cheannach don ócáid anseo.