Is file é Scott de Buitléir a rugadh i Londain ach a tógadh i gCluain Tarbh, Baile Átha Cliath. Tá sé ag cur faoi anois i gCorcaigh, foilsíodh a chéad chnuasach, Fás | Growth i mbliana. Labhair muid le Scott faoi ról, féiniúlacht agus tábhacht an fhile sa phobal.
Tá tú i mbun pinn le roinnt mhaith blianta anuas, Scott, cad a spreag tú le Fás a chur i gcló?
Bhí fonn agam i gcónaí chun cnuasach filíochta a fhoilsiú, ach spreag dhá rud mé faoi Fás | Growth a chur i gcló. Ba é an chéad rud ná go raibh thart ar dheich mbliana filíochta scríofa agam, agus gur thuig mé go raibh na dánta ar nós grianghrafanna, nó leathanaigh dialainne; ag taifead mo chuimhní cinn agus mé ag fás aníos. Ba é an dara rud, ná go raibh dánta scríofa ag mo mháthair, m’athair, agus m’uncail, ach tá roinnt acu caillte anois, mar scríobh siad iad ar leathanaigh fánacha. Is trua mór dom é sin, agus déanann Fás | Growth cinnte nach gcaillfidh mise mo chuid filíochta féin.
Clúdaítear réimse leathan ábhar sa chnuasach, conas mar a fheiceann tusa ról an fhile/ an ealaíontóra i sochaí an lae inniu?
Is cineál tráchtaire é an file, agus iad ag amharc ar chúrsaí an tsaoil; bíodh sin cúrsaí sóisialta, polaitíochta, nó daonnachta. Más feidir le file nó ealaíontóir tú a stopadh ar feadh nóiméid nó dhó, agus machnamh a dhéanamh ar ábhar éigin, tá a jab déanta go maith acu.
Don chuid is mó, is ábhar pearsanta atá clúdaithe i mo chuid filíochta – cúrsaí grá/teaghlaigh mar shampla - ach beidh an léitheoir in ann an t-ábhar a thuiscint, agus smaoineamh ar mhacasamhail dóibh, b’fhéidir.
Chaith tú tréimhse ag obair i Sasana, an ndearna athléamh ar Éirinn agus ar fhéiniúlacht na hÉireann agus tú ann?
Rugadh i Londain mé, agus mar gheall air sin, cheistigh mé mo chuid Éireannachais féin uaireanta agus mé ag fás aníos. Is cuimhin liom páistí ag tabhairt ‘Briotanach’ orm ar scoil nuair a bhí mé an-óg, ar nós nárbh rud maith é. Nuair a bhí cónaí orm i Nottingham, d’fhoghlaim mé nach ndéanann m’áit bhreithe puinn difríochta. D’fhoghlaim mé freisin go bhfuil fadhbanna sóisialta agus polaitiúla againn in Éirinn, ach má éiríonn linn go ró-chiniciúil, ní bheadh fonn ar éinne réiteach a aimsiú dóibh. Caithfear a bheith dóchasach, agus muinín a bheith againn sa daoine a bhfuil fonn orthu cabhrú.
Cé hiad na filí/na scríbhneoirí a théann i bhfeidhm ort?
Sa Ghaeilge, is í Nuala Ní Dhomhnaill an file a raibh an tionchar is mó orm, go háirithe lena cuid dánta ‘An Bhean Mhídhílis’ agus ‘Ceist na Teangan’. Is filí cumhachtacha iad Caitríona Ní Chléirchín agus Réaltán Ní Leannáin freisin, agus onóir a bhí ann dom léamh leo ag ócáidí difriúla. Inspioráid mhór dom ab ea an scríbhneoir Ollannach, Alex Hijmans, nuair a bhí mé ag iarraidh a bheith i m’iriseoir agus cholúnaí, tráth, mar bhí sé ag amharc ar chúrsaí domhanda trí shúile Eorpacha, ag scríobh i nGaeilge. Sa Bhéarla, is tá an-chion orm ar fhilíocht Seamus Heaney agus William Butler Yeats.
Cad a spreagann tú le dul ag scríobh?
Is féidir le haon rud mé a spreagadh chun scríbh; cúrsaí grá, nóiméad síochána, cuimhní m’óige, fadhbanna an tsochaí, agus eile nach iad. Tagann an inspioráid chugam nuair atá mé buíoch de nóiméad deas, nó má táim ag mothú go láidir faoi ábhar éigin. Ní féidir liom filíocht a chumadh muna gcuirim luach ar an ábhar.
Is féidir leat cóip den leabhar a cheannach anseo