Léiríonn na figiúirí is déanaí ón bPríomhoifig Staidrimh go bhfuil breis agus 20% de chainteoirí laethúla Gaeilge anois ag cur futhú i mBaile Átha Cliath. Labhair Peadar Ó Caomhánaigh, Comhbhunaitheoir Pop-Up Gaeltacht agus iarrthóir don Chomhaontú Glas sa chéad toghchán eile faoi athshamhlú na Gaeltachta agus todhchaí Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge ar chlár Chormac ag 5 ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.
Maidir le cruachás na nGaeltachtaí mar a ardaíodh sna meáin le déanaí, deir Peadar 'nach féidir breathnú ar an sórt cruachás seo atá ar na Gaeltachtaí fisiciúla díreach mar chúrsaí teanga, amháin. Tá muid ag caint ar bhánú na tuaithe le cúpla bliain anuas agus ní haon eisceachtaí iad na Gaeltachtaí.'
Tá Peadar den tuairim go bhfuil sé in am againn ceist na Gaeltachta a leathnú amach agus sainmhíniú nua a chruthú a oireann níos fearr don phobal:
'Caithfear breathnú ar choincheap na Gaeltachta; an bhfuil deireadh tagtha leis an ré ina dtugtar Gaeltacht ar áit fhisiciúil? Tá níos mó éifeachta ag Gaeltachtaí meitifisiciúla, is é sin le rá, Gaeltachtaí de líonraí do dhaoine mar ní mhaireann an teanga in aon cheantar tíreolaíoch amháin ach in sna líonraí do dhaoine. B'fhéidir gur cheart dúinn an chaoi a smaoiníonn muid ar Ghaeltachtaí a athrú go huile is go hiomlán agus a bheith ag caint ar phobal teanga seachas pobal fisiciúil in aon áit amháin."
Cheistigh Peadar Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge an Rialtais ag rá 'go bhfuil teip ag teacht ar an Straitéis gan dabht mura bhfuil teip tagtha air cheana féin' agus deir sé:
Níl maitheas ar bith straitéis a scríobh agus ansin cloígh leis go huile is go hiomlán, go deimhin agus go beacht, is cuma cad a tharlaíonn. Caithfidh muid breathnú ar na rudaí atá ag tarlúint dos na Gaeltachtaí agus do phobal teanga na Gaeilge taobh amuigh de na Gaeltachtaí, mar aon le gach rud eile sa tír.
Craoltar Cormac ag 5 ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 5 agus 6.