Ag tagairt do Bhliain na Gaeilge, scríobh Máire Ní Fhinneadha alt a cheistigh ar cheart go mbeadh stair na teanga leis an stát á ceiliúradh in aon chor. Labhair Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge le Tristan Rosenstock faoi na cúiseanna ar cheart go dtacódh pobal iomlán na Gaeilge leis an dtionscnamh chun aidhmeanna fadtéarmacha a bhaint amach don Ghaeilge agus do na Gaeltachtaí, araon.
Dúirt Julian gur chothaigh alt Mháire díospóireacht a theastaíonn ó phobal na Gaeilge agus go raibh sé mar aidhm ag an dtogra:
"spreagadh a thabhairt don teanga, ceiliúradh a dhéanamh agus aitheantas a thabhairt do gach rud atá déanta le 125 bliain anuas agus ag an am céanna, tá muid ag iarraidh ardán a thabhairt chun gur féidir linn na dúshláin atá os ár gcomhair a chur os comhair an phobail"
Luaigh Julian go dtapaíonn sé gach deis a thagann ina threo le 'cruachás na Gaeltachta' a ardú agus go bhfuil sé den tuairim go gcuideoidh Bliain na Gaeilge le hardán a thabhairt do na dúshláin seo. Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge go bhfuil sé i gceist ag an rialtas infheistíocht shuntasach a dhéanamh sa chlár Éire Ildánach i gcomparáid leis an infheistíocht atá luaite don Ghaeilge "tá siad (an rialtas) chun €8.5 milliún a chaitheamh ar Éire Ildánach i 2018 cén fáth nach mbeadh níos lú ná leathmhilliún againn leis an nGaeilge agus an Ghaeltacht a chur chun cinn?"
D'admhaigh Julian nach leor an buiséad atá ar leataobh do Bhliain na Gaeilge chun dul i ngleic leis na fadhbanna atá sna ceantair Ghaeltachta ach go bhféadfaí comhráití a spreagadh faoi bhuiséad cuí a chur ar fáil don Ghaeltacht 'nuair atá an dioscúrsa ar siúl faoi Bhliain na Gaeilge go labhróidh muid faoi na dúshláin atá ann agus conas iad a shárú'.
Craoltar Cormac ag a 5 ón Luan go hAoine ar a 5 ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.