Pléadh alt le colúnaí Tuairisc.ie, Máire Ní Fhinneadha ar Bhliain na Gaeilge agus an freagra a thug Julian de Spáinn air ar Cormac ag a 5 le triúr a bhfuil cónaí orthu i nGaeltachtaí na tíre a aontaíonn lena raibh le rá ag Máire faoin togra.

Labhair Áine Ní Bhreisleáin ar iriseoir í le RTÉ Raidió na Gaeltachta sna Doirí Beaga faoin gcruachás ina bhfuil Gaeltacht Thír Chonaill áit a bhfuil ráta dífhostaíochta i gcuid de na ceantair ag 50% agus caighdeán íseal oideachais ar go leor sna ceantair chéanna. Deir sí go bhfuil acmhainní, fostaíocht agus spreagadh de dhíth ar na daoine sna ceantair seo ón rialtas rud nach léir di a thiocfaidh ó Bhliain na Gaeilge. Cheistigh Áine áit na Gaeltachta sa cheiliúradh atá pleanáilte:

"Tá Bliain na Gaeilge 'dhul a bheith ann. Déanfar rud mór de, déanfar ceiliúradh, caithfear airgead ach caithfear aitheantas agus caithfear áit lárnach a bheith tugtha don Ghaeltacht agus do lucht na Gaeltachta, fosta in san cheiliúradh sin a bheas ag Conradh na Gaeilge."

Thug Maitiú Ó Coimín, ar iriseoir é le Tuairisc.ie a thuairimí ar a raibh le rá ag Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge mar fhreagra ar alt Mháire Uí Fhinneadha "dá mhéad a labhraíonn an pobal trí chéile agus na meáin faoin nGaeilge agus faoin gcruachás ina bhfuil an Ghaeltacht, is mó a bheidh deis againn na dúshláin a bhaineann le heaspa acmhainní agus le heaspa tacaíochta a chur os comhair na n-údarás le freagracht ina leith" nuair a thagair sé don chaoi a chaitear leis an nGaeilge ar na meáin Bhéarla: 

"Feiceann muid go minic, nuair a bhítear ag plé na Gaeilge ar na meáin Bhéarla táthar sásta caitheamh leis mar mhaisiúchán ar rudaí"

D'ardaigh sé an chaoi a chaitheann polaiteoirí na tíre seo le ceist na teanga, freisin: "An chaint sin uilig a bhíonn ag Leo Varadkar agus ag Joe Mc Hugh faoi dhaoine a spreagadh le Gaeilge a labhairt.... shílfeá nach raibh aon chainteoirí laethúla, gníomhacha ann"

Luaigh Dáithí de Mórdha, ar iriseoir é le RTÉ Raidió na Gaeltachta i mBaile na nGall 'croílár na ceiste', an difríocht idir teanga agus pobal, dar leis. 

"An difríocht idir teanga agus pobal. Abair, do mhuintir na Gaeltachta agus tá mé ag labhairt mar dhuine de mhuintir na Gaeltachta, an rud is tábhachtaí ná an pobal. Agus, má bhíonn pobal láidir, buan, teaspúil sa Ghaeltacht, tabharfaidh an teanga aire di féin. Mura bhfuil pobal sa Ghaeltacht, níl aon teanga sa Ghaeltacht."

Seoladh Bhliain na Gaeilge ag Oireachtas na Samhna

Cheistigh Dáithí de Mórdha friotal an togra, ar cheart an focal 'ceiliúradh' a úsáid i gcomhthéacs na bhfigiúirí is déanaí ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge sna Gaeltachtaí. 

Tá sé i gceist go mbeidh Julian de Spáinn ar Chormac ag 5 inniu, tráthnóna Aoine. 

Craoltar Cormac ag 5 ar ón Luan go hAoine ar a 5 ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.