Sa bhlian 2007, dhein Kevin Martin (an léiritheoir The Bug) is a chara Flowdan amhrán mór le rá a thaifead in éineacht.
Bhí an tour-de-force áirithe san ‘Skeng’ ar cheann d’ard-amhráin na bliana san.Táid tar éis seal a chaitheamh ag obair in éineacht le chéile sa stiúidió arís, is tá cúpla amhran nua taifeadtha acu.
Ar an iarracht seo tá obair léirithe The Bug faoi mar a bheifeá ag súil leis: dord-líne diamhair curtha as a riocht, d'fhonn is dá mbeadh sé taifeadtha i bpoll phortaigh. Closimíd Flowdan ag insint scéalta faoina óige, lena ghlór uathúil doimhin, an imeartas focal ag suí go maith ar dub-cheol dorcha The Bug.
Cuireann Cian Ó Cíobháin An Taobh Tuathail i láthair ón Luan go hAoine óna 10 go dtí'na 12 istoíche ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.