Bronnadh Gradam Uí Shúilleabháin ar Dhiarmuid Johnson dá shaothar An Conaire Mór, athinsint é Togail Bruidne Da Derga a d'fhoilsigh Leabhar Breac. Labhair muid leis an údar faoin ngradam agus faoin téacs a bhain anáil as.
Comhghairdeas leat ar Ghradam Uí Shúilleabháin! An bhfuil a leithéid de ghradam tábhachtach duit, mar scríbhneoir?
Go raibh míle maith agat. Is gníomh cumarsáide atá sa scríbhneoireacht, ach is uaigneach an obair í. ('Uaigneach crann i lár coille, níl duine is uaigní ná file,' arsa an Direánach). An té atá faoi ghradam más ea, más gearr féin, tabharfar aird air, agus, rud is tábhachtaí ná sin, léifear a shaothar. Sin é a bhíonn uainn!
Athinsint é An Conaire Mór ar scéal ón tsean-Ghaeilge, cad a spreag tú le hathinsint a dhéanamh den scéal Togail Bruidne Da Derga?
An chéad uair a léigh mé an Togail sna 80í, bhain sé an anáil asam. Is eipic mhór atá ann, agus ní cinneadh ar an stíl inseachta atá ann. Facthas dom ansin go rabhthas dall ar an scéal lenár linn féin. Shíl mé an easpa sin a leigheas. Tá súil agam go gcuirfear suim sna seanscéalta arís anois.
Mar léitheoir, cad iad na tréithe a dhéanann úrscéal maith? An gcoinníonn tú na nithe sin i gcuimhne agus tú ag scríobh?
Ní hionann rud maith agus rud marthanach. Ar ndóigh, ní mhairfidh an rud nach bhfuil go maith. (Ach an droch-cháil b'fhéidir!) An rud a mbeidh mealladh an léitheora ann anois, agus amach anseo arís, agus go ceann i bhfad eile, níor mhór go mbeadh rud bunúsach ann, rud uilíoch b'fhéidir, rud a bhfuil léargas ann ar chás an duine. Tá sin i scéal Chonaire. Is scéal faoi chinniúint an duine atá ann. Agus an ghreim atá ag an gcinniúint ar an duine. D'fhéadfá 'dráma mór an tsaoil' a thabhairt air sin chomh maith. Sin é an rud a bhíonn an scríbhneoir ag smaoineamh air. Teastaíonn STRUCHTÚR ansin, agus CEIRD AN PHINN le beocht a chur sa dráma.
An bhfuil scéal ar bith eile ón tsean-Ghaeilge ar mhaith leat saol nua a thabhairt dó?
Tá cóiriú déanta agam ar an ábhar a bhaineann le seandéithe na nGael. Sin iad na Tuatha Dé Danann. Tá cuid den ábhar sin sa dá scéal a dtugtar Cath Muighe Tuireadh orthu, rud atá cosúil le cuid den ábhar atá i Leabhar Gabhála Éireann. Tuilleadh de sa scéal Oidheadh Chloinne Tuireann. Tuilleadh de sa dinnsheanchas, agus beagán fós sa mbéaloideas. Foilseofear Na Tuatha Dé Danann i 2018 (Leabhar Breac). An comhrac aonair idir Balar agus Lúgh Lámhfhada an bhuaic atá sa scéal sin.
Dá mbeadh moladh amháin agat dóibh siúd ar mhaith leo dul i mbun pinn, cad a déarfá leo?
Scríobhaigí go leor leor leor. Cleachtadh níos máistreacht. Is í an iriseoireacht an meán is fearr leis an gceird a fhoghlaim. Bíonn cuimsiú ábhair ann, achoimre, gontacht, brú ama, éagsúlacht agus mar sin de.
Is le Foinse, Cuisle, Gaelscéal agus mar sin de a chuir mise barr feabhais ar mo chuid scríbhneoireachta. ACH FAINIC! Níor mhór go leor a léamh freisin. Gaeilge idir nua agus shean. Béarla na cruinne. Agus teangacha eile más féidir. Níor mhór a bheith santach chun pinn agus chun éigse. Síorshantach. Is mór an cúnamh céile comhrá freisin le cúrsaí a phlé.
Is féidir leat cóip den leabhar a cheannach anseo