Labhair údar an leabhair, John Burke le Cearbhall Ó Síocháin ar An Cheárta, ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoin tríú leabhar sa tsraith, darbh ainm Foclóiropedia a thugann an léitheoir ar thuras tríd an teanga.

John agus a iníon, Cathy nó Fatti, mar is fearr aithne uirthi a chur an leabhar i dtoll a chéile. Deir John gur roghnaigh Cathy ainm cleite a úsáid mar gur chruthaigh sé féiniúlacht faoi leith di mar ealaíontóir. 

"Foclóir do pháistí" a thugann John ar an leabhar agus deir sé mar a bheifeá ag súil leis, tá ainmneacha na laethanta, na míonna, na ndathanna srl ann ach chomh maith leis na rudaí sin go léir, tá 'ceisteanna, mionchomhrá agus mothúcháin, dea-bhéasa agus focail a úsáidtear ag insint scéil".

Clúdaíonn an leabhar réimse leathan ábhar ón scoil go dtí'n teaghlach agus spórt chomh maith le seanfhocail agus logainmneacha ach deir John, ar iarmhúinteoir scoile é gurb í an chaibidil is ansa leis ná caibidil na ndaoine ina bhfuil 48 gairm bheatha a spreagfaidh gasúir ann. Deir sé go raibh formhór na bhfocal ar eolas aige ach gur fhoghlaim sé an leagan Gaeilge ar hopscotch (cleas na bacóide) agus é i mbun taighde don leabhar. 

Tá an leabhar le fáil anseo agus ó shiopaí leabhar ar fud na tíre. 

Craoltar An Cheárta gach Domhnach idir 1.15-2 i.n. ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.