Labhair Grace Dyas le Bláthnaid Ní Chofaigh ar a clár, Bláthnaid Libh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoina taithí le ciapadh gnéis. Phléigh painéal an chláir an t-ábhar agus an chaoi a bhfuil an sochaí ag dul i ngleic le líomhaintí dá leithéid.
Dúirt Dyas go raibh mí-úsaid cumhachta go forleathan sa saol poiblí in Éirinn, agus go raibh sé cosúil le rún oscailte, mar a bhí leis an Eaglais ar feadh na mblianta.

"Chonaic mé leis an bhfeachtas #metoo i Meiriceá nó i Sasana, bhí daoine ag rá tharla sé seo dom leis an duine seo bhí mé an aois seo, ach nuair a d’fhéach mé ar dhaoine in Éirinn, ní ainmneacha ar bith tugtha. Bhí sé ar nós an rún oscailte seo atá ag gach duine, gach áit sa saol poiblí in Éirinn. Saghas mar an rún oscailte a bhí ann faoin Eaglais Chaitliceach. Bhí’s ag gach duine go raibh na sagairt ag mí-úsáid an chumhacht a bhí acu, chonaic daoine na Magdalene Laundries ar an tsráid, ach bhí eagla orthu labhairt amach. An t-am sin, ba eagla roimh na sagairt agus roimh Dhia a bhí ann, anois is eagla roimh an dlí a bhí ann."
Labhair Bláthnaid le painéal an chláir, Antoin Beag Ó Colla agus Siún Ní Dhuinn faoi scéal Dyas agus faoina bhfuil ar siúl anois sa sochaí maidir le líomhaintí den chineál seo. Luaigh Antoin go mbíonn drogall orthu siúd atá ag obair ar chonarthaí sealadacha aon ghearán a dhéanamh, ar eagla go mbrisfí as a bpoist iad.
"Tá mé féin agus tosnú amach ins an ghnó, mar is ceart, ag obair go neamhspleách faoi choinne bliain go leith deireanach. Dá bhfeicfeadh mise an rud a bhí ráite ag Colgan le duine ar bith agus ag iarraidh rud ar bith a dhéanamh faoi, níl aon áit gur thig liomsa dul go dtí, dáiríre. Mar, tá tú istigh go neamhspleách, níl siad ag insint duit, seo an dóigh a oibríonn an córas le chéile. Agus, freisin, dá mbeadh tú ag iarraidh a rá, níl seo ceart agus ba mhaith liom rud inteacht a dhéanamh go hoifigiúil, ní gheofá conradh arís."
Craoltar Bláthnaid Libh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, maidin Shathairn idir 11 agus meánlae.