A chairde Ghael, táim díreach fillte ó bheith i gcathair Nua Eabhrac den chéad uair i mo shaol. Bhí mé ann le linn tréimhse an Oireachtais agus is mé atá sásta nach sa bhaile liom fhéin a bhí mé ag féachaint ar #OnaS17 agus an spraoi ar fad a bhí agaibhse i gCill Airne!

Tharla go raibh grúpa cara liom ag dul go Nua Eabhrac ar saoire, agus nach bhfuil sé ach dhá uair a chloig ann ar an mbus ó Philadelphia. Sin mar an gcéanna leis an nGo Bus idir BÁC agus Gaillimh! B’iontach cairde ón mbaile a fheiceáil agus bhraith mé gur beag é an domhan sa lá atá inniu ann.

Tá a dhea-cháil tuillte ag Nua Eabhrac, agus mar aon le Londain, mhothaigh mé go raibh mé i lár an domhain agus mé ann; ach cosúlacht eile atá idir an dá chathair ná go raibh orm iarracht neamhaird a dhéanamh ar na praghasanna arda!

Ciara san Úll Mór

Cúpla buaicphointe: Cóisir Oíche Shamhna ollmhór, lán de dhaoine sna feistis is fearr a bhfaca mé riamh; Starry Night le Van Gogh a fheiceáil in MOMA; karaoke a dhéanamh le grúpa fánach turasóirí ón tSín; agus an droichead Brooklyn a thrasnú de chois. Sin gan trácht ar an ithe agus ól ar fad a rinneamar. Is beadaí ceart mise agus bhí mé ar neamh leis na tacos, dumplings, sushi, waffles, manglaim, agus araile! Níl aon dabht faoi, beidh mé ag filleadh ar NYC!

Maidir le Oíche Shamhna, bhí rud mór amháin in easnamh anseo. Cinnte, bhí maisiúchán den scoth le feiceáil timpeall Philadelphia; solais ghlasa ar na tithe, creatlacha bréagacha i suíochán ar an bpóirse tosaigh, agus leacanna uaighe ina ngairdíní. Ach ag a deich a chlog ar Oíche Shamhna í fhéin agus mé ag siúl abhaile, bhí díomá orm. Ciúnas iomlán a bhí i réim i mo chomharsanacht; gan tinte cnámha, pléascadán, nó bangers de shaghas ar bith le cloisteáil nó le feiceáil! D’airigh mé uaim ruaille buaille agus anord an bhaile, an t-atmeasféar osnádurtha a bhíonn againn in Éirinn ar Oíche Shamhna.

Spice Girls marbha!

Bhí difear eile romham an lá dar gcionn nuair a luaigh mise go raibh an gheimhreadh tagaithe, agus mí na Samhna linn. Ní hea! Anseo i Meiriceá glacann siad leis an ngrianstad ar 24 Nollaig mar thús an tséasúir. "I mean, like, it couldn’t be spring in February, that’s the month with the most snow," a dúradh liom. "It doesn’t stop until at least late March." Bhuel chuir an nuacht fhuar sin tine fúm agus táim sa tóir anois ar phéire buataisí láidre uiscedhíonacha don gheimhreadh atá romham!

Nílim ag cur mórán béime ar chúrsaí oibre sna dialanna seo. Cé a bheadh ag iarraidh cloisteáil faoin obair? Ach by deaid, tá roinnt mhaith oibre le déanamh agam! Mar sin fhéin ní gearánta dom, is mar an gcéanna muid uilig; caithfear an obair dhéanamh agus sin tús deireadh an scéil.

Ní fada uaim an chéad sos eile - agus an ghrian le cúnamh Dé! - toisc i dtreo an deiscirt a bheidh mo thriall ar mo chéad turas eile! Beidh mé in New Orleans i gcomhair Thanksgiving ag deireadh na míosa seo, ag bualadh le cúpla FLTA eile ó Éirinn agus ón Spáinn.

Is féidir leat scéal Chiara a leanúint ar twitter @miseciara