An ann don ‘metro-gael’, an leagan Ghaeilgeora den phearsa ildánach nua-aimseartha is fíor shofaisticiúil, an ‘metro-sexual’? An ainmhí é a fhaightear in aon chineal timpeallacht nó an bhfuil a ghnathóg sa chathair amháin? An mó ná caitheamh aimsire í an Ghaeilge ag an metro-gael?
Ná habair nár chuala tú an téarma ‘metro-gael’ roimhe seo? Nach tú atá tuatach!
Bhuel, ná bí ró bhuartha. Is focal é atá díreach cumtha nó fuadaithe agam féin chun cur síos a dhéanamh ar an gcréatur úr seo atá á thabhairt faoi ndeara go mór ag freastal ar ocáidí an Pop Up Gaeltacht nó i measc lucht leanúna cuntais @theirishfor ar Twitter. An é sin cóip den Motherfoclóir i do phóca?
Má shamhlaíonn tú an ‘metrosexual’ - is é sin an fear nó an bhean atá i gcónaí sa bhfaisean is déanaí agus i dtiúin leis an gcultúr comhaimseartha. Samhlaím go mbíonn siad ag léamh leabhar - ar ghléas Kindle ar ndóigh - ós na húdair chearta, bíonn siad ag faire ar na cláracha is fearr ar ‘netflix’, tá na hoirfidigh is ceannródaí ar a seinnliosta ‘Spotify’ agus tá’s acu cá bhfuil an caife is blasta ‘free trade’ le fáil.
Anois cuir Gaeilge leis an liosta luachanna sin - agus sin agat an Metro-Gael. Gan amhras, tá nod mar gheall ar chlaonadh ghnéis i gceist le ‘metro-sexual’ agus ní féidir sin a chur as an nó insan áireamh le ‘metro-gael’. Ag an ocáid ‘metro-gaelach’ beidh idir óg is aosta, aerach is caol díreach i láthair. Tá siad ar an dtaobh ceart polaitiúil de gach cúis ar féidir leat a lua. Go deimhin, bhí an oiread acu ar shráideanna Barcelona le linn na n-agóidí is déanaí go mbeadh síneadh le hArd Oifig an Phoist dá mba rud é go raibh siad go léir ann don Éirí Amach i 1916.
Ní haon dóithíní iad na Metro-Gaeil seo. Le déanaí, bhíos i láthair ag ocáid i mBéal Feirste, ‘slam filíochta’ murar mhiste leat. (Ní leor Damh Scoil nó Cúirt Filíochta don dream seo!) Bhí fiabhras filíochta sa seomra an oíche úd, bhí sé chomh fileata go mbeadh náire ar sean-fhilí traidisiúnta na Gaeilge a mbéil a oscailt dá mbeadh sé d’adh orthu bheith i láthair. Ag an am céanna bheadh a fhios acu go raibh todhchaí a n-ealaíon slán fiú má bhí roinnt dánta ann nach gcraolfaí ar chláracha teaghlaigh ar eagla na h-eagla. Bhí an ábhar beagáinín róchongarach don chraiceann, má thuigeann sibh mé.
Ní file gach Metro-Gael. Go deimhin, ní cainteoir líofa Gaeilge gach duine acu ach chomh beag. Airíonn siad gur Gaeil iad mar go bhfuil siad ar son na Gaeilge. Tacaíonn siad leis An Dream Dearg agus ní chaillfídís mórshiúl ar son cearta teanga thuaidh nó theas.
Cuid againne, na fíor Ghaeil, más maith leat, sinne a bhfuil Gaeilge ó dhúchas againn nó atá chomh heolach sin ar an dteanga nach sárófaí sinn ar aon cheist ghramadaí, bímíd doicheallach i leith na ‘metro-gaeil’ seo. Is bréagáin mar cheo iad na rudaí seo, na meáin shóisialta agus an Pop Up Gaeltacht mar shampla, seachas glóire an Ghael-fhlaithis. Níor mhaith linn dul thar fóir ag cur stór iontu.
Agus b’fhéidir go bhfuil seo ceart - ach tá sé mícheart freisin.
Nár dúirt An Cadhnach féin go raibh athghabháil na Gaeilge ag brath ar an dteanga a bheith ag teacht chun tosaigh sna cathracha. Agus ceal portaigh, iascaireacht agus na nithe sin a shamhlaímíd leis an bhfíor Ghaeltacht, cad é an samhail a bhí againn ar an mbealach a dhéanfadh an Ghaeilge dul chun cinn sna cathracha?
Tá glúinte na Gaelscolaíochta ag teacht chun aibíochta anois agus tá siad ag sealbhú na teanga in iliomad slí. Ar bharr sin tá siad ag imirt tionchar ar a gcairde nár fhreastail ar Ghaelscoileanna is a leithéid agus á mealladh san i dtreo na teanga. Céim ar chéim.
Sa tslí sin, tá pobal na Gaeilge ag fás agus is maith an rud é sin. B’fhéidir nach bhfuil seo le feiscint sna figiúirí daonáirimh is déanaí mar gheall ar chúinsí nach dtuigimíd go h-iomlán go fóill ach níl éinne a shéanfadh, ní dóigh liom, go bhfuil pobal Gaeilge na cathrach, na Metro-Gaeil seo, ag éirí níos bríomhaire agus níos beoga i rith an ama.
Cuid acu is díograisí iad ná sinne. Nuair a théann cumainn ar nós na Gaeil Óga is Laochra Loch Lao chuig leithéidí Comórtas Peile na Gaeltachta, is é an comórtas a bhuann siad gach bliain ná an ceann gan corn - is é sin craobh na bhfoireann is mó a bhaineann úsáid as an nGaeilge.
Nuair a théann siad abhaile, tá dornán de baill na bhfoireann seo agus a thuilleadh nach iad ag togáil a gclann le Gaeilge in áit nár samhlaíodh go dtarlódh a leithéid roimhe. Amach anseo beidh glúin nua de Ghaeilgeoirí ó dhúchas iad agus is Gaeilgeoirí na cathrach a bheidh ann. I mBaile Átha Cliath, i mBéal Feirste, i gCorcaigh, i nGaillimh, i nDoire Chalgach, i Luimneach….
Is féidir linn bheith tarcaisneach i leith na Metro-Gaeil. Ach is iad a thabharfaidh an teanga ar aghaidh go dtí an chéad ghlúin eile. Más amhlaidh go n-áiríonn cuid acu nach bhfuil ann ach caitheamh aimsire - ach go gcaitheann siad a gcuid ama leis - ná bímís ró-ardnósach gan glacadh leis agus úsáid a bhaint as más féidir.
Más amhlaidh gur fhoghlaim siad a gcúpla focal ón ‘Motherfoclóir’, cén dochar?
Cuimhnigh gurb é an chuid eile de theideal an leabhair sin - ‘Despatches from a Not So Dead Language’. Nach dea-scéal é go bhfuil leabhar i mbéal an phobail agus liosta na leabhar is mó díol sa tír leis an teachtaireacht dhearfach sin - seachas a mhalairt de theachtaireacht, mar a bhíonn ann de ghnáth?
Bíodh is go ndeinimíd a mhór den nGaeltacht agus de stádas na teanga mar phríomh theanga oifigiúil na tíre is a leithéid, is margadh mór é an cearnóg phoiblí anois agus caithfimíd an teanga a chur i láthair go gealgháireach is go mealltach. Is cuid tábhachtach de phobal na Gaeilge iad na Metro-Gaeil. Má tá sé fíor nach mairfidh an Ghaeilge gan an Ghaeltacht, ní mhairfidh sí gan na Metro-Gaeil rófhada ach chomh beag. Is é sin bua na Gaeilge sa lá atá inniu ann. Tá sí oscailte do chách.