skip to main content

Leideanna luachmhara ar Lá Domhanda don Mheabhairshláinte

Inniu, Lá Domhanda don Mheabhairshláinte, labhair Siún le Máire Treasa Ní Cheallaigh, iriseoir, síceolaí spóirt agus múinteoir Pilates faoi na rudaí praiticiúla go bhféadfaimis a dhéanamh le haire níos fearr a thabhairt dúinn féin. 

Cuireann Máire Treasa béim ar am a chur ar leataobh duit féin, ar aclaíocht a aimsiú a thaitníonn leat agus ar am a chaitheamh faoin aer leis an meabharshláinte a chaomhnú. 

Sa saol gnóthach atá againn, deir Máire Treasa go bhfuil luach ar shuaimhneas, 'corruair, teastaíonn ciúnas' agus molann sí suí síos le cupán tae (gan fón!) 

Luann sí an taighde a chruthaíonn go bhfuil sé níos fearr dúinn siúlóid amuigh faoin aer a dhéanamh ná uair a chloig a chaitheamh san ionad spóirt.

I measc na moltaí atá ag Máire Treasa dúinn, tá:

  • Am a dhéanamh duit féin laistigh den sceideal gnóthach atá againn
  • Aclaíocht a aimsiú a thaitníonn leat, mar a rinne sise le Pilates
  • Dul amach faoin aer
  • D'aclaíocht a cheangail isteach leis an am a chaitheann tú le cairde