Don chéad uair ó 1910, beidh an ceoldráma Eithne ar siúl sa Cheoláras Náisiúnta Dé Sathairn beag seo, 14 Deireadh Fómhair. Labhair an baratón, Gavin Ring le Cearbhall Ó Síocháin faoin léiriú ar An Cheárta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoin gcaoi ar tugadh Eithne ar ais chuig an stáitse. 

Rugadh an scríbhneoir Robert O' Dwyer i mBristol sa Bhreatain Bheag, do thuismitheoirí Éireannacha sa bhliain 1862. Ceapadh é ina chomhalta ag Conradh na Gaeilge é agus le linn na tréimhse seo iarradh air ceoldráma a scríobh, chum sé Eithne, bunaithe ar scéal iníon Rí Thír na nÓg. 

Deir Ring nach bhfuiltear cinnte cé mhéid Gaeilge a bhí aige ach go raibh sé soiléir 'an-spéis aige sa teanga, ach go háirithe scríbhneoireacht Dhubhghlas Dé hÍde.' 

Nuair a cuireadh ar an stáitse é i amharclann an Gaiety, i measc na ndaoine a d'fhreastail, bhí Dubhghlas Dé hÍde, Cuntaois Markievicz agus Eva Gore-Booth agus deir Ring go 'léiríonn sin cé chomh tábhachtach agus a bhí Eithne in intinn na ndaoine sin ag an am'. 

Tháinig Gavin Ring ar an seoid nuair a thug sé faoi thráchtas i gceoldrámaí Éireannacha, meascán nádúrtha den 'dá ghrá acadúil' a bhí aige, Gaeilge agus ceol. Nuair a bhuail sé le Fergus Shiel, Stiúrthóir Opera Theatre Company, chuir sé spéis mhór sa tionscnamh agus d'fhorbair siad an leagan nua a bheidh ar an ardán an Cheolárais an deireadh seachtaine seo!

Craolfar Eithne ón gCeoláras Náisiúnta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ar an 14 Deireadh Fómhair óna 8 agus ar RTÉ Lyric Fm óna 7. Déanfar Eithne a shruthú beo ón gCeoláras anseo.