An mhí seo, labhair Seán Ó Catháin le Lisa Nic an Bhreithimh, saoririseoir agus scríbhneoir, agus le Róisín Adams, a bhfuil dochtúireacht aici i litríocht do pháistí, faoi I dtír mhilis na mbeo, cnuasach gearrscéalta le Colm Ó Ceallacháin a d'fhoilsigh Cois Life.
We need your consent to load this SoundCloud contentWe use SoundCloud to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences
Seo an chéad shaothar ó pheann Uí Cheallacháin agus tá sé ainmnithe ag an Oireachtas do Ghradam Uí Shúilleabháin 2017. Bronnfar an gradam ag ócáid speisialta ag Oireachtas na Samhna in Óstán Brehon, Dé Céadaoin, 1 Samhain 2017.
Bronnfar duais €3,000 ar fhoilsitheoir an leabhair a roghnófar do Ghradam Uí Shúilleabháin agus bronnfar €2,000 ar údar an tsaothair.
Féachann Clubleabhar.com le léitheoireacht na Gaeilge a chur chun cinn.
Tacaíonn podchraoladh leis léitheoir tuairimí dhaoine eile a chloisteáil agus níos mó leabhar Gaeilge a chur ar a súile. Cuirtear an podchraoladh seo ar fáil le tacaíocht ó Raidió na Life.