John Mc Carthy told Cearbhall Ó Síocháin on RTÉ Raidió na Gaeltachta's Arts Show, An Cheárta, about 'Arriving Into View' Cork's newest mural in Fitzgerald Park created by young people living in direct provision. 

As part of a scheme with the Glucksman Gallery, two local artists, Claire Coughlan agus Helen O'Keeffe directed 17 young people in creating a mural called 'Arriving Into View'. 

Tá dhá chuid leis an dtionscnamh, an mórphictiúr atá le feiceáil i bPáirc Mhic Gearailt agus cuid eile atá á thaispeáint sa Glucksman féin. Cothaíodh an saothar seo as ráitis na ndaoine óga seo atá anois crochta ar fhuinneoga an Glucksman agus tá idir dhiúltach agus dhearfach ann maidir lena dtaithí. 

Statements made by those young people which inspired the mural are hanging on the windows and range from a place of anger 'no-one ever listens to me' to the more positive 'we are the children of the future'.

Arriving Into View

Luann John go bhfuil fearg le brath sa mhórphictiúr ach go bhfuil go leor ann agus go bhfásann de réir mar a fhéachann tú air. Tá cuma na feirge ar na haghaidheanna a fheictear ar dtús ach go bhfuil cuma níos áthasaí, síochánta, sa phíosa ar dheis. Tá John den tuairim go bhfuil na daoine seo 'dofheicthe ach ag iarraidh a bheith infheicthe' sa phobal. 

'Tá siad beagnach ann ach níl siad ann, tá siad ar imeall an phobail.'

The piece will be on show in Fitzgerald Park and in the Glucksman Gallery until the end of next month. 

Is féidir níos mó faoin saothar seo a fheiceáil anseo

Craoltar An Cheárta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ar an Domhnach idir 13.15 - 14.00.