skip to main content

Mise agus Rocky - the rise and fall of an Irish boxing legend

Nuair a thug mé faoi Rocky Ros Muc (beathaisnéis ar an dornálaí Seán Ó Mainnín) a scríobh roinnt blianta ó shin, níor smaoinigh mé riamh ar céard a cheapfadh daoine eile den leabhar, ná go léifeadh daoine eile í fiú. Tá sé cineál aisteach sin a rá, ach níl aon aonarán níos aonaraigh ná an scríbhneoir ina c(h)loigeann féin. 

Tháinig sé aniar aduaidh orm, mar sin, daoine bheith ag labhairt liom faoin leabhar agus ar céard a cheap siad dó.

I saol léirmheastóireachta na Gaeilge, is beag faomhar a bhíonn ar na sceana agus bhí mé thar a bheith sásta, dá réir, leis an aiseolas a fuair mé! Idir mhagadh agus dáiríre, is é an rud is mó a chuaigh i gcion orm ná na daoine a léigh an leabhar mar go raibh spéis acu i scéal Sheáin Uí Mhainnín agus gur thug orthú féin leabhar Gaeilge a léamh don chéad uair ó d’fhág siad an scoil.

Michael Fanning (stiúrthóir Rocky Ros Muc), Seán Ó Mainnín agus Rónán ag an premiere i mBoston

Is próiseas aonarach é an scríbhneoireacht. Nuair atá na hagallaimh déanta, an taighde tugtha ina chéile, níl ann ach tú féin agus do ríomhaire. Bíodh tú i d’aonarán nó ná bíodh, is mar sin a chaitheas sé a  bheith, fiú má fhágann sin gur ag bualadh amach focail ar an ríomhaire atá tú ag 5:30am nuair atá an teach fós ina thost roimh réaba na maidine.

Ní smaoiníonn tú ar an toradh ach ar an bpróiseas. Tá an toradh ina iomláine ró-mhór. Thiocfadh lag-mhisneach ort breathnú tada níos faide chun cinn ná an caibidil atá amach romhat. Focal ar fhocal, sin an bealach chun cinn! Scríobh, ath-scríobh, Ctrl-X anseo, Ctrl-V ansiúd. Go leor den Delete. Ag múnlú paragraif, abairtí, focail. Obair dheas. Caitheamh aimsire. Críochnófar lá éigin é.

B’shin é Rocky Ros Muc. Ceithre bliana dhá scríobh, oíche seolta i Ros Muc, ceithre seachtainí de dhíolachán go dtí go raibh sí ceannaithe ag chuile dhuine a raibh cóip uathu agus b’shin é a dheireadh. Ach níorbh ea.

Léirigh comhlacht teilifíse ó Bhéal Feirste, Below the Radar TV, spéis fad-scannán fáisnéise a dhéanamh, bunaithe ar an leabhar, agus ba ghearr gur bhain Rocky Ros Muc saolré nua amach ar an scáileán mór in Éirinn agus i mBoston. Cibé céard faoi aiseolas a fháil ar leabhar, níl tada níos aistí ná aiseolas beo a fháil ón 700 duine thimpeall ort i bpictiúrlann agus iad ag breathnú ar do scannán. Tá roinnt gradaim bainte amach ag Rocky Ros Muc ag féilte scannán éagsúla, agus an t-aitheantas a bhí ag dul do Sheán Ó Mainnín as a chuid dornálaíochta, ach nach bhfuair sé ag an am, dhá fháil faoi dheireadh aige.

Léiríodh Rocky Ros Muc ag féile scannán i San Francisco Dé Sathairn seo caite, agus ag an IFI Documentary Festival i mBarra an Teampaill Dé Sathairn seo chugainn, sula dtabharfaidh sé faoi chamchuairt i New York, Los Angeles agus Boston. Beidh turas ar phictiúrlanna na hÉireann níos deireannaí i mbliana sula ‘spáinfear ar TG4 idir dhá Nollag é.

Agus díreach nuair a bheidh deireadh an dara saolré bainte amach ag scéal Sheáin, foilseoidh an comhlacht Meiriceánach, Rowman & Littlefield, The Man Who Was Never Knocked Down, an bhliain seo chugainn.

An scéal céanna le Rocky Ros Muc, ach is mór an difríocht atá sa gcur chuige do leabhar i nGaeilge agus do leabhar i mBéarla.

Nuair atá tú ag scríobh i nGaeilge, is beagnach go bhfuil aithne agat ar chuile dhuine a léifidh an leabhar agus tagann sin trasna sna focail. Tá comhthéacs iomlán eile ag teastáil don leabhar i mBéarla, agus é níos giorra mar leabhar dá bharr.

Fiú leis an mBéarla, tá frásaí agus leaganacha cainte i mBéarla na hÉireann go raibh orm a athrú mar nár chuala m’eagarthóir Meiriceánach riamh iad!

Ach tá deireadh leis an bpróiseas sin anois é féin agus is gearr go mbeidh sé in am filleadh ar an ríomhaire ag 5:30am arís do thogra nua. Droch-sheans go mbainfear an ceathrú saolré as Rocky!

Beidh Rocky Ros Muc dhá thaispeáint san IFI i mBarra an Teampaill ar an 30 Meán Fómhair ag 3pm. Is féidir ticéid agus eolas  a fháil anseo.