skip to main content

Oíche Chultúir san Ardchathair!

Tá níos mó imeachtaí Gaeilge ná mar a bhí ariamh anois mar chuid d'Oíche Chultúir, ó rás curachaí go léamh filíochta, tá éagsúlacht mhór pleanáilte.  Más san Ardchathair atá tú, seo cuid de na himeachtaí a bheidh ar siúl ar an oíche speisialta seo. 

1. An Siopa Leabhar

Beidh taispeántas leabhair Ghaeilge agus cúinne filíochta sa Siopa Leabhar. Beidh deis dánta aitheanta & dánta nuachumtha a chloisteáil & beidh deis do dhán féin a scríobh sa sean-chló chomh maith.

Am: 6pm - 10pm

Seoladh: Conradh na Gaeilge, 6 Sráid Fhearchair. 

2. Oireachtas na Gaeilge @ Waterways Ireland

Thatchers of the Acropolis: Seisiúin MhúscraíTháinig T.O.T.A. le chéile chun rithim agus ceol a chur le hamhráin sean-nóis. Is é ceol Mhúscraí a thugann spreagadh don taispeántas seo, é fite ina shruth luaineach leictreonach fuaime. Léiriú sonach ar an ngrá is ar an saol ó mheitheal strainséirí.

Am: 7:30pm agus 8:30pm. Ceardlann damhsa ar an sean-nós ina dhiaidh.

Seoladh: Cé na Canálach Móire, BÁC 4. 

3. Rás Curach

Rás curach ó Ché Theach an Custaim suas chomh fada le Droichead na Life agus ar ais (2km). Ní go minic a mbíonn deis ag muintir na cathrach blas a fháil ar chultúr bádóireacht na Gaeltachta, ach seo do sheans! Beidh píobaire ar cheann de na báid freisin!

Am: 5.30pm - 6.30pm

Seoladh: Pontoon in aice an Jeanie Johnston, Cé Theach an Chustaim. 

Rás Curach

4. Cuairt Stairiúil ar Chonradh na Gaeilge

Tar go Conradh na Gaeilge and take an exciting tour of the historic building where Michael Collins and Éamon de Valera once worked. Foghlaim níos mó faoi athbheochan na Gaeilge agus an cultúr Gaelach. Afterwards escape downstairs to Club an Chonartha, ordaigh pionta as Gaeilge and join in the legendary Céilí Oíche Chultúir!  

Turais as Gaeilge ag 7pm & 9pm.

Tours will be held in English at 8pm & 10pm. 

Seoladh: 6 Sráid Fhearchair.