Ar shíl tú go mbeifeá i do dhochtúir, i do mhúinteoir nó i do cheoltóir nuair a bhí i do pháiste? Tá Sinéad, Siún agus Áine ag smaoineamh siar na poist a shíl siad a bhí uathu agus atá uathu anois!
Nár dheas caifé liteartha a oscailt? Áit a mbeadh leabhair, fíon agus comhluadar den chéad scoth... Teastaíonn brionglóidí agus muid ag maireachtáil i saol seo agus seo ceann nár threig Siún ariamh!
Tá poist áirithe a mheallann na mná go fóill.. Aisteoir, Cartlannaí, Scríbhneoir, Eagarthóir, Dearthóir, Taighdeoir, Ealaíontóir, Teangeolaí... liosta gan teorainn..
Cad é a bhí agaibhse mar bhrionglóid agus sibh beag? Labhair linn ag beopodchraoladh@rte.ie