Tá sraith nua drámaíochta, Grace Harte atá lonnaithe in Iarthar na hÉireann ag tosú ar TG4 ar an 14 Meán Fómhair ag 10pm. Labhair muid le Kate Nic Chonaonaigh atá sa phríomhról faoin tsraith, faoi thiomantas TG4 don drámaíocht agus faoi na rólanna is ansa léi.
Cad a mheall tú i dtreo ról Grace Harte ag tús, Kate?
Shíl mé go raibh an script chomh suimiúil. Tá an tsraith bunaithe ar lanúin a bhfuil caidreamh casta eatarthu. Cé go bhfuil grá fós eatarthu, téann siad i bhfostú ar a chéile. Tá 'fhios againn ar fad gur féidir le sin tarlú, gur féidir dul i bhfolach óna chéile. Tá siad sáinnithe iontu féin, ach d'fhéadfá bá a bheith agat le ceachtar acu, sílim.
Tá cáil ar TG4 ar an gcaighdeán drámaíochta atá déanta acu thar na blianta, cuirim i gcás, Corp agus Anam, An Bronntanas, srl. Cad é atá faoin stáisiún a mheallann a leithéid?
Déanann TG4 drámaíocht den scoth, go deimhin, déanann siad teilifís den scoth. Tugadh saoirse don chomhlacht léiriúcháin tabhairt faoi Grace Harte agus an fhís a bhí acu siúd a leanúint. Bhí muinín ag TG4 as an bhfoireann scríbhneoireachta agus léirithe agus dá réir, bhí tá impleachtaí ag sin síos tríd an rud ar fad. Nuair atá tú ag plé le rud cruthaitheach, caithfidh tú muinín a bheith agat astu siúd atá i mbun ealaíne.
Tá cuid mhór taithí aisteoireachta agat ó Crisis Eile go Song of Granite, cén ról is mó a chuaigh i bhfeidhm ort go dtí seo?
Rinne mé ról Agnes in Dancing at Lughnasa blianta ó shin, nuair a bhí mé an-óg. Sílim gur ról an-spéisiúil agus cé nach sílim go ndearna mé praiseach de, sílim go bhfuil níos mó le tabhairt agam don ról anois agus taithí saoil agam. Ba bhreá liom ról Stella a dhéanamh in A Streetcar Named Desire le Tennessee Williams, freisin.
Grace Harte feels stranded in a passionless marriage. She feels that by upgrading the hotel she runs with her husband Leo on the West Coast of Ireland she may inject new life into their relationship. Leo sees no need to upgrade the hotel and seems consigned to the state they are in. Where Grace sees stasis, Leo sees stability. The arrival of Danny, a young surfer, on the beach adjacent to the hotel is the catalyst for a series of violent events that will change all of their lives forever.
Tosaíonn Grace Harte ar an 14 Meán Fómhair ar TG4 ag 10pm, mairfidh an tsraith 3 seachtaine.