Chuaigh Sinéad Ní Uallacháin, láithreoir le Raidió na Gaeltachta chomh fada le Béal Feirste le freastal ar an Slam Filíochta a bhí mar chuid den Fhéile Imeall-Chultúir Bhéal Feirste, seo a chuala sí ann!

Tá borradh faoin slam filíochta le tamaill de bhlianta anuas. Deirtear gur tháinig an ghluaiseacht chuig an Eoraip ó Mheiriceá sna hochtóidí ach le déanaí, tá seilbh glactha ag na Gaeil air.

Nuair a labhair Sinéad le rannpháirtithe san ócáid, luaigh siad ar fad gur ar son an phobail a bhí siad, seachas ar son duaiseanna a bhaint. Dúirt Sionann Ní Ghréacháin gur deis a bhí ann 'an pobal a tharraingt le chéile' agus go raibh sí ag súil lena tréimhse ar an stáitse mar go raibh aithne aici ar go leor a bhí os a comhair.

Sinéad Ní Uallacháin, Láithreoir Siamsaíocht na hAoine.

Bhí triúr moltóirí i mbun oibre ar an oíche agus dúirt Séamus Barra Ó Súilleabháin, duine acu a bhíonn ag obair i mbun na ceirde, go raibh atmaisféar 'daonlathach' agus ar nós 'éigse na gcairde' seachas comórtas. 

Ba í Miléne Fagan a bhain an chéad duais,agus í ag déanamh aithrise ar a dán ar chúrsaí oibre. Deir sí go bhfuil 'an obair ag glacadh barraíocht seilbh' ar a saol agus ar shaoil a gcairde freisin. Chuige sin a chuir sí roimpi dán a bhí 'cróga agus cruthaitheach' a scríobh, agus d'éirigh léi!

Is féidir tuilleadh eolais mar gheall ar an bhféile a fháil anseo

Craoltar Siamsaíocht na hAoine-15:30 - 17:00 Dé hAoine