skip to main content

Port ón Taobh Tuathail: Replete - My Station

Ó Chill Chainnigh do Peter Lawlor, ógfhear atá ag cumadh ceoil álainn house faoin ainm Replete le blianta beaga anuas.  

Thug sé faoi cheol leictreónach a chumadh nuair a chaith sé samhradh ina chónaí i Toronto agus dhein sé a chéard a mhúnlú nuair a chaith sé seal i gcathair Chorcaí, áit a d’aimsigh sé céim sa cheol is sa teicneolaíocht.

We need your consent to load this SoundCloud contentWe use SoundCloud to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences

Seo port mall, hiopnóiseach, le córdaí ná beadh ait ar phort snag-cheoil is dord-líne ramhar ag plubarnaíl tríd, le guth baineann ag éirí is ag ísliú ar nós tuilleadh is trá na taoide. Ar bhealach is fuaim chlaiscieach í seo, fuaim - a bhraithim -  ná beadh as áit ar cheann de na h-albaim is breátha house dá bhfuil ann, ‘Forevernevermore’ le Moodymann.

Replete

Cuireann Cian Ó Cíobháin An Taobh Tuathail i láthair ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.