Ceol, scannáin, teilifís, éadaí, canuintí… is deacair in amantaí éalú ó Mheirceá Mór. Ach ní ag éalú ón tír atáim, ach ag dul ann, ar feadh bliana!
I gceann cúpla lá beidh mé ag dul go Philadelphia ag múineadh Gaeilge in ollscoil Villanova. Agus gach mí scríobhfaidh mé alt ar an suíomh seo faoina bhfuil ar bun agam.
Beidh mé i mo FLTA (foreign language teaching assistant) leis an gclár Fulbright.
Dar ndóigh i saol beag na Gaeilge is iomaí duine ar m’aithne (agus is dócha ar d’aithne féin!) a rinne bliain i Meiriceá ar an Fulbright, agus gach seans gur chuala tú faoi cheana.
Ba mhaith liom sa chéad alt seo díriú ar an bpróiséas iarratais, agus leis an ullmhúchán ar fad atá ar siúl agam ó fuair mé scéala gur roghnaíodh mé.
Próiseas
Tosaíonn an próiseas iarratais go luath leis an Fulbright.
Bhí m’fhoirm iarratais istigh agam roimh Oireachtas na Samhna na bliana seo caite - agus bhí roinnt mhaith le déanamh mar chuid de - cúpla aiste le scríobh, litreacha moltacha a fháil ó fhoinsí éagsúla, srl.
Agus é istigh níl le déanamh agat ach fanacht le feiceáil an bhfaighfidh tú agallamh. Fuair mé an deá-nuacht cúpla lá roimh an Nollaig.
Is mé a bhí sásta agus mé ag smaoineamh ar an eachtraíocht a d’fhéadfadh a bheith os mo chomhair, go háirithe toisc go raibh cos briste agam ag an am agus go raibh mé sáinnithe sa bhaile le roinnt míonna!
Bhí an t-agallamh ar siúl i mí Eanáir agus bhí mí an Mhárta nach mór thart nuair a fuair mé amach ó Fulbright go mbeinn ag dul go Meiriceá ag múineadh na Gaeilge!
Agus bhí rud éigin sách tábhachtach fós nach raibh ar eolas agam - sé sin cén áit go mbeinn ag dul!
Bhí mí na Bealtaine ann sula bhfuair mé amach cén ollscoil ina mbeinn ag múineadh. Ní raibh mé ag smaoineamh ar áit amháin thar aon cheann eile, ach bhí mé an-sásta nuair a fuair mé ríomhphost ó Villanova University, Philadelphia.
(Tá an amlíne seo á lua agam díreach mar eolas agus mar threoir do dhuine ar bith atá ag smaoineamh ar cur isteach ar an gclár!)
Imeachtaí
I ndáiríre ní féidir liomsa an clár a mholadh nó a cháineadh go fóill toisc go bhfuilim fós in Éirinn! Ach d’eagraigh lucht Fulbright cúpla ócáid bhreá dúinn in Éirinn roimh dúinn imeacht cheana fhéin.
Chomh maith leis na FLTA-annaí eile, a bheidh ag múineadh Gaeilge cosúil liom fhéin, beidh daoine ag dul ó Éirinn go Meiriceá ar neart gradaim éagsúla eile.
Cosúil le héinne eile, taitníonn sé liomsa gléasadh suas, ligint orm go bhfuilim tábhachtach, agus freastal ar na imeachtaí galánta. Agus bhí mé breá sásta staidiúir a chuir orm féin leis na FLTA-annaí eile don cheamara.
Mar sin is mé a bhí sásta leis na hócáidí oifigiúla a eagraíodh dúinn: bronnadh teastais, lá traenála, agus (an ócáid is galánta) mórdhinnéar álainn i gCaisleán Átha Chliath, ag a raibh Fulbrightaithe na bliana seo agus iar-Fulbrightaithe ag freastal.
Agus mar thoradh ar mo stádas nua mar Fulbrightaí, fuair mé cuireadh chuig an chóisir oifigiúil 4th of July a bhí ar siúl in Deerfield Residence, Páirc an Fhionnuisce. (Sin áras cónaithe ambasadóir Mheiriceá!)
Dúradh linn gléasadh i stíl na 30í/40í, agus dar ndóigh toisc go dtaitníonn sé liom gléasadh suas, ligint orm go bhfuilim tábhachtach, agus freastal ar na imeachtaí galánta, rinne mé iarracht leis an téama!
Cé go raibh ceamradóir ann agus go raibh mé breá sásta staidiúir a chur orm féin i gcomhair cúpla pic, fós féin is ormsa a bhí an t-ionadh cúpla lá i ndiaidh sin, nuair a sheoladh pic de leathanach tosaigh an Irish Independent chugam…
Ó shin tá an víosa eagraithe, na heitiltí ceannaithe, na málaí líonta, agus ní fada go mbeidh mé ag scríobh chugaibh ó Philadelphia!