Tá 99 % Invisible ann, tá Serial ann, tá Second Captains ann agus anois, tá Beo ar éigean... ann!

Mar atá 'fhios ag gach mac máthar, tá caidreamh speisialta ag muintir na hÉireann le raidió agus ag eascairt as sin, tá síolta curtha ionainn maidir le podchraoltaí freisin.

Podchraoladh i nGaeilge ach ní faoin nGaeilge atá in Beo ar éigean...Cloisfear caint ar gnéithe éagsúla dár saoil; dár spéiseanna, na heachtraí a mhúnlaigh muid, na scéalta atá ag titim amach sa saol a bhfuil tionchar acu orainn agus go leor eile!

 Seolfar eagrán seachtainiúil  agus mairfidh gach eagrán tuairim is 20 nóiméad, ag brath ar an ábhar, dár ndóigh.

Is féidir aiseolas nó moltaí a chur chugainn ag beopodchraoladh@rte.ie nó muid a leanúint ar Instagram @beopodchraoladh, áit a mbeidh go leor den chraic a bhaineann le podchraoladh a thaifead le feiceáil ann. 

Sinéad, Áine agus Siún.