Tá cáil mhór ar an ealaíontóir Vermeer (1632- 1675), as an Ísiltír, as a chuid péintéireachta. Cé nach bhfuil ach 34 saothar dá chuid ar fáil, tá meas domhanda air. Don chéad uair, tá 10 gcinn acu le feiceáil i nGailearaí Náisiúnta na hÉireann go dtí Meán Fómhair na bliana seo. 

Chuaigh Sinéad Ní Uallacháin chun cainte le Caomhán Mac Con Iomaire atá ag obair sa ghailearaí faoin mbailiúchán agus an tábhacht a bhaineann leis an taispeántas seo 'Vermeer and the Masters of Genre Painting: Inspiration and Rivalry.'

Luann Caomhán gur tháinig na pictiúir seo ó gach cearn den domhan, idir Washington, An Ghearmáin, ó bhailiúcháin phríobháideacha freisin agus go bhfuil foireann an ghailearaí ag súil leis na sluaite as seo go dtí mí Mheán Fómhair. 

Deir Caomhán gur mhair Vermeer le linn "ré órga na hÍsiltíre" le linn an 17ú haois déag, maidir le cúrsaí ealaíne agus go raibh go leor, leor eile ealaíontóirí eile ag obair sa tír chéanna ag an am

"ag tógáil inspioráide ó chéile agus bhí siad ag coimhlint le chéile agus ag tógáil smaointí agus á bhfeabhsú"

Nuair a bhain an Ísiltír neamhspleachás amach ó Hapsburg na Spáinne tháinig borradh ar eacnamíocht na tíre agus mar a deir Mac Con Iomaire "le hairgead, tháinig ealaín", chuige sin, tá liosta fada d'ealaíontóirí clúiteacha ceangailte leis an tréimhse chéanna san Ísiltír.

Agus é ag caint ar théamaí atá le sonrú sna pictiúir atá anois sa Ghailearaí Náisiúnta, luann sé go bhfuil mná i bhformhór acu, go bhfuil saibhreas le feiceáil iontú óna gcuid éadaí agus ndearna Vermeer an-iarracht 'stáitse a chruthú' agus é ag obair le solas. 

Dár ndóigh, le linn na tréimhse chéanna, bhí forbairt ollmhór ag teacht ar cúrsaí eolaíochta agus an tuiscint a bhí ag daoine ar an domhan, is léir sin ó leithéidí The Astronomer.

Is féidir ticéad a cheannach don taispéantas anseo

Éist leis an gclár iomlán anseo

Craoltar Siamsaíocht na hAoine idir 15:30 - 17:00 Dé hAoine ar RTÉ Raidió na Gaeltachta