Bhí iontas ar go leor gur labhair Leo Varadkar i nGaeilge agus nár thiontaigh sé ar an mBéarla i ndiaidh an chéad líne dá chuid cainte ar a chéad lá mar Thaoiseach. Seo an méid a dúirt sé, mar thús:

'Tá an-chion agam ar ár dteanga dúchais agus le blianta anuas, tá sár-iarracht déanta agam feabhas a chur ar mo chuid Gaeilge.'

Ba léir go raibh Gaeilge ar a thoil ag Varadkar agus dhealraigh sé ina dhiaidh sin go raibh teastas sa Ghaeilge Ghairmiúil bainte amach aige le Gaelchultúr, i mBaile Átha Cliath le déanaí. 

Luaigh Éamonn Ó Dónaill, Stiúrthóir Oideachais Ghaelchultúr, le Michelle Nic Grianna, ar Bharrscéalta, ar RTÉ Raidió na Gaeltachta go raibh moladh ag dul don Taoiseach as dua a chaith sé ag freastal ar ranganna Gaeilge. Tá sé den tuairim go bhfuil tábhacht faoi leith faoin nGaeilge a d'úsáid Leo ar a chéad lá mar Thaoiseach.

Sílim go bhfuil tábhachtach go dtabharfadh polaiteoirí na tíre seo dea-shampla

Cé nach raibh Éamonn in ann marcanna an Taoisigh a lua ach dúirt sé go raibh 'dul chun cinn suntasach' déanta aige ar an gcúrsa agus go raibh an tiomantas sin ar leas an phobail Ghaelaigh. 

Tá moladh tuillte aige mar ní hamháin gur chláraigh sé don chúrsa ach tháinig sé ag na ranganna ar fad, deich gcinn de ranganna, trí huair a chloig sa tseachtain. Níor chaill sé oiread agus bomaite amháin. 

Is féidir éisteacht siar leis an agallamh iomlán anseo 

Craoltar Barrscéalta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta idir 11:02 - 12:00 Luan-Aoine