Tá muid ar bís go mbeidh blaiseadh beag de leabhair i nGaeilge ar fáil anois ar RTÉ.ie/gaeilge. Le tús spleodrach a chur leis an tsraith, seo chugainn Sna Fir le Mícheál Ó Congaile a d'fhoilsigh Cló Iar-Chonnacht in 1999.

Curriculum Vitae

Ainm:                                Eoin Pól Mac Donncha
Seoladh:                            Ceathrú na gCloch, Conamara, Co. na Gaillimhe
Teileafón:                          091–428931
Dáta Breithe:                    29 Samhain 1979
Stádas Pósta:
Ó, ó!  . . .  Rinne mé staic thostach ag an bhfocal cé gur i m’intinn amháin a bhí mé ag léamh. ‘Singil’ atá scríofa anseo agam. Ar ndóigh, sea.  Céard eile a d’fhéadfainn a chur ann.  Singil . . .  Mé théis léimt amach aríst as mo shaol brionglóideach.  Mé théis a bheith ag súil le léitheoireacht gan dua ná dualgas anseo. Mar a bheinn ag súil le sásamh maoithneach éicint a bhaint as mo shean-CV a léamh, as súil siar a chaitheamh air. Ní sásamh an focal cruinn dáiríre ach caitheamh aimsire, an chaoi úd gur breá liom ó thráth go chéile a bheith ag méirínteacht go leisciúil seachránach trí sheanlitreacha agus seandialanna de mo chuid agus mé ag glanadh nó ag pointeáil mo sheomra chodlata.


Singil a mheabhraigh mé dom féin aríst is mé ag déanamh gáire beag liom féin. Cén pósadh a d’fhéadfadh a bheith orm ar aon nós. Gan mé fiú scór bliain d’aois. Pósadh, an ea. Chomh maith agus dá mbainfeadh le mo shaolsa ar aon chaoi fearacht Bheairtlí Bhun an Bhaile seo thíos, an diabhal bocht.
Is ní CV ceart údarásach a bhí faoi mo láimh agam ar aon nós ach cur i gcéill de CV.   Ní le haghaidh jab mór ná fiú jaibín séasúrach samhraidh a cuireadh le chéile é ach mar chuid de thionscnaimh na hidirbhliana dornán blianta ó shin.  Cur i gcéill amach is amach a bhí ann ó thús. Mock, cé go raibh sé clóscríofa go slachtmhar agam i ndúch dubh ríomhaire ar leathanaigh bhána A4. Na leathanaigh, ceithre cinn acu, tollta agus snaidhmthe go cúramach cineálta le ribín réidh gorm, ar a raibh dhá shúil ubhchruthacha.  Cuma údarásach fhírinneach air mar sin féin, díreach mar is nós leis an mbréag a culaith ghaisce
Dhomhnaigh a chaitheamh nuair a bhíogann amach ar an domhain dhiamhrach éiginnte.

"As ucht Dé ort agus dún suas do chlab mór nó cuirfidh mé fata siar ann." Fógraíonn Michael Jó Beag trasna an bheáir ar Johnny Rua a bhéal a choinneáil dúnta. Ní chloiseann Johnny Rua é, nó tugann an chluas bhodhar dó.  Tá cúpla seanleaid eile trasna uaidh ag ól a bpiontaí go mall, iad mar a bheadh idir dhá chomhairle an measa grágaíl mheisce Johnny Rua atá ag dul amú go stadach i gceann dá chuid amhrán ná fothramán callánach an scáileáin mhóir agus lucht féachana an tsacair.


"Up Man. United.  Come on Giggs."
"Ara, Giggs. Ní fhágfar gig anocht aige muis, fan go bhfeicfidh tú, fan ort."
"Fuck Man. United.  Níl iontu ach shower of wankers, anyways."  Bhí nimh ag fiuchadh sa nglór a labhair.
"Ara céard atá tú ‘rá! Bolton Wanderers!" Cloisim guth Mhichael Jó Beag aríst, agus strus air.  "Cibé cé as ar tháinig siad, nó cá raibh siad le fiche bliain. Ní bheadh ’fhios acu cén chaoi le haghaidh iad féin a bhainceáil, ní áirím sacar a imirt. Thíos i Division Three ba cheart dóibh a bheith."
"Ní hea ach in éineacht leis na non-league clubs."
"Má tá United chomh maith sin, cá bhfuil a gcuid goalannaí. Feictear dom gur nil-nil atá i gcónaí ann.   Bhí acu fanacht sa mbaile. Deargchuntannaí."
"Fanacht sa mbaile!   Fanacht sa mbaile, an ea, a deir an ABU bradach."  Éiríonn Michael Jó Beag ina sheasamh, é saighdte.  "Nach thall san Eoraip, a mhac, atá Man. United ag imirt leath an ama.  Cé mhéad uair, meas tú, ar imir Bolton Wanderers san Cup Winners’ Cup? Cé mhéad uair a d’imir siad san UEFA Cup." Buaileann sé rap de dhorn ar an mbord a chuireann deochanna lána ag slabáil. "Cé mhéad uair a bhuaigh siad an double, ní áirím é a bhuachtáil back to back. Ar imir siad i Wembley ariamh? Ah . . .? Ach meas tú an bhfuil ’fhios acu fiú cá bhfuil Wembley.  Cois níor leag aon duine de na bitches istigh ariamh ann, ná ní leagfaidh go deo.  Sin é anois agaibh é."

Is féidir leat an ríomhleabhar a íoslódáil anseo