Is é Mícheál Ó Conghaile, bunaitheoir Cló Iar-Chonnacht agus duine d'eagarthóirí Leabhar na nAmhrán a labhair le Máire Áine Ní Chuaig ar Iris Aniar, RTÉ Raidió na Gaeltachta ar na cúiseanna a bhfuil Leabhar Nua na nAmhrán a fhoilseofar sa bhFómhar tábhachtach sa chultúr Gaelach. 

Dúirt Ó Conghaile, ar ball den Aos Dána é go bhfuil réimse leathan ábhar sna hamhráin a roghnaíodh idir amhráin ghrá, amhráin a phléann leis an Tíogar Cheilteach, cúrsaí polaitíochta agus amhráin mholta mar gheall ar Mhícheál D. Ó hUiginn agus Tomás Ó Fiaich. Deir Mícheál go bhfuil 'greann iontach iontu' agus go bhfuil sé soiléir ó na hamhráin go dtuigeann na cumadóirí traidisiún na n-amhrán Gaeilge.  

Murab ionann agus Leabhar Mór na nAmhrán, amhráin nuachumtha ar fad a bheidh sa chnuasach nua seo, a fhoilseofar sa bhFómhar. 

Amhráin nua ar fad atá ann, an chuid is mó acu sílim nach bhfuil siad foilsithe in áit ar bith eile, b'fhéidir go bhfuil corrcheann anseo agus ansiúd agus an chuid is mó acu, ní raibh siad taifeadta

Leabhar Mór na nAmhrán a foilsíodh in 2013. Tiocfaidh Leabhar Nua na nAmhrán amach an Fhómhair seo  

Dúirt sé go raibh sé 'sách deacair' 100 amhrán a roghnú a cumadh le scór bliain anuas ach gur eascair formhór na n-amhrán ó chomórtas an Oireachtais agus go bhfuil sé den tuairim go bhfuil filíocht álainn i gcuid de na hamhráin a chumtar ach go gcailltear iad mura mbaileofaí iad i bhfoirm leabhar.

An aidhm a bhí againn ná na hamhráin bhreátha seo a shábhailt agus a fhoilsiú i leabhar ag súil le go tosódh daoine eile á rá agus go mbeidh daoine in ann leas a bhaint astu. 

Chosain Mícheál Ó Conghaile cultúr na gcomórtas nuair a luaigh Máire Áine go bhfuil daoine ann nach maith leo comórtais ach go ndúirt sé ach nár chóir go mbeadh duaiseanna ann le rudaí a cheannach ach le rudaí a spreagadh.  

Éist leis an agallamh iomlán (agus le blaiseadh de na hamhráin) anseo

Craoltar Iris Aniar  idir 09:15 - 10:15 Luan - Aoine ar RTÉ Raidió na Gaeltachta