Beidh mé ionraic, is le ceann trom agus sparán éadrom a d’fhill mé ó Chomórtas Peile na Gaeltachta inné!

I mbliana níorbh fhéidir liom dul go CPnaG go dtí an Domhnach, ach mar sin fhéin fuair mé blaiseadh den chomórtas. Ní imrím féin peil ach tacaím leis Na Gaeil Óga, agus is geal le hoilithreacht é dom an turas go ceantar álainn tuaithe agus tús an tsamhraidh a cheiliúradh, faoin ngrian má tá an t-adh linn.

Faraor, nuair a shroich mé an pháirc Dé Domhnaigh bhí sé scamallach agus fuar. Tamall níos déanaí agus mé sa seastán ag breathnú ar An Rinn i gcoinne An Ghaeltacht, bhíomar ar fad ag creathadh leis an bhfuacht, agus lán trua do na himreoirí a bhí sáite go craiceann ón mbáisteach throm. Ach dar ndóigh níl aon neart ar an aimsir!

Cuid de na Gaeil Óga a d'fhreastail ar Chomórtas Peile na Gaeltachta

Bhí gruaim eile le brath Dé Domhnaigh, sin an droch-nuacht faoin bhfear áitiúil Seán Halloran, a maraíodh i dtimpiste bóthair le linn an chomórtais. Bhí beirt eile sa charr a gortaíodh go dona. Bhíomar uilig ag smaoineamh faoi chlann Sheáin, agus ag guí biseach ar an mbeirt eile.

Bhí Comórtas an Chailín Ghaelaigh beag go leor i mbliana - ní raibh ach seisear ag glacadh páirte ann. Níorbh léir cad ba chúis leis an easpa spéise sin; droch-bhliain don chomórtas, nó léiriú ar athrú buan.

B’fhéidir go bhfuil sé thar am dúinn na rialacha a athrú, agus an comórtas sin a bheith ar oscailt d’fhir is mná araon? Tá aithne agam ar roinnt leaids a bheadh lán sásta tabhairt faoina leithéid!

Agus go deimhin, reachtálann Na Gaeil Óga comórtas darb ainm an Stail Ghaelach do na fir gach bliain ar an múnla céanna agus is mór an spórt é i gcónaí!

SBB le Ruth Darcy, Cailín Gaelach Na Gaeil Óga

Cosúil le blianta eile, chualathas clamhsán faoin easpa Gaeilge ag an gcomórtas, idir oibrithe, imreoirí agus lucht tacaíochta.

I mo chás-sa, i mBéarla a beannaíodh dom ag geata na páirce agus nuair a rinne mé iarracht chead isteach a cheannach, b’éigean dom Béarla a úsáid chomh maith. Bhí sé áiféiseach.  

San ollphobal bhí comharthaí ar crochadh taobh thiar den bheár ag meabhrú dúinn gurb í Gaeilge ‘teanga an chomórtais’, ach faraor ní raibh tionchar ag na comharthaí céanna ar roinnt de na hoibrithe ann.

Anois, is cinnte go bhfuil na mílte cúis agus leithscéal dá leithéid, ach is mór an trua é nuair nach ndéantar iarracht ar bith. Mar shampla, nuair nach n-úsáideann duine ‘go raibh maith agat’ in áit ‘thank you’ nó a leithéid. Cad é sin ach iarracht chomhfhiosach é gan Gaeilge a úsáid?

Ach le bheith dearfach faoi, chuala mé Gaeilge álainn ó na Gaeltachtaí éagsúla. Chonaic mé Dara Ó Cinnéide go fiú, cé nach raibh sé de dheis (nó de mhisneach!) agam dul ag labhairt leis agus a chuid Gaolainne a chlos dom fhéin.

Agus an mhaidin dar gcionn chabhraigh píosa gréine agus tírdhreach álainn Mhaigh Eo linn ar fad lenár bpóiteanna agus mhothaigh mé fhéin i bhfad níos fearr tar éis dul ag snámh in uisce úr Loch Measca.

Labhair mé le daoine ó gach cearn den tír ann, agus roinnt acu ag rá go mbeidh mé ag bualadh leo arís ag Féile na Gealaí i Ráth Chairn i gceann deich lá!

Déarfainn go mbeidh mé tagaithe ar ais chugam fhéin faoin tráth sin…