For the first time, Aer Lingus will show 'Máthair' a short film in Irish as part of their entertainment service on transatlantic flights. From August, the film will be shown in the airline's 'Irish Films & Shorts' offering.

Funded by the Irish Language Broadcast Fund, the film looks at the struggles facing minority languages in a globalized world.

Don chéad uair, taispéanfar scannán Gaeilge ar eitiltí trasatlantacha Aer Lingus ag tosú i mí Lúnasa.

Roghnaíodh an gearrscannán 'Máthair', a rinneadh le maoiniú ón gCiste Craoltóireachta Gaeilge Scáileáin Thuaisceart Éireann le taispeáint sa rannóg 'Irish Films & Shorts'. Tráthúil go leor, is scannán é a fhéachann ar na dúshláin a bhaineann leis an nGaeilge mar mháthairtheanga. 

Tomaí Ó Conghaile, craoltóir agus eagarthóir Nós, as Ard Mhacha, a scríobh an script, Damien Mc Cann a stiúraigh agus Gráinne Holland a léirigh an tionscnamh. Is iad Bláithín Mhic Canna agus Louise Smith atá sna príomh-rólanna aisteoireachta.