Ocht gcloch go leith meáchain atá caillte ag Máire Ní Mhaoláin go dtí seo. Labhair sí le Máire Áine Ní Chuaig ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoina bhfuil déanta aici lena saol a athrú ó bhonn. 

Mhínigh Máire san agallamh go raibh rudaí áirithe ag cur as di ag an am, bhí sí tar éis briseadh suas le duine éicint, agus ní raibh sí ag obair ag an am, agus chinn sí go raibh sé in an athrú mór a dhéanamh.

‘Dhúisigh mé suas lá amháin agus dúirt mé liom féin, feck this, tá mé dhul rud éicínt a dhéanamh faoi seo.  Tháinig spriocadh orm.  Dúirt mé liom féin caithfidh mé dhul amach ag siúl anois, caithfidh mé bheith ag ithe níos fearr agus sin a rinne mé.  Ceithre bliana ó shin thosaigh mé siúl chuile lá, bhí mé siúl chuile lá ar feadh míosa nuair a thosaigh mé ar dtús.’  

Máire Ní Mhaoláin a chaill 8.5 cloch go nuige seo!


Cé go dtéann go leor daoine i muinín leithéidí Unislim Slimming World chun cuidiú leo meáchan a chailleadh, mhínigh Máire go ndearna sí aisti féin é, le treoir ón aip MyFitness Pal.   Dúirt sí, cé go raibh sé deacair i dtús aimsire dhul i gcleachtadh ar bheith ag ithe sailéad agus bia folláin, agus a bheith ag meá an bhia, go ndeachaigh sí i gcleachtadh air tar éis píosa.  

Deir sí nach gá aon rud 'a ghearradh amach' agus go bhfuil 'cead agat do bhéile deas a bheith agat le do chairde' leis an meáchan a chailleadh.  

‘Dhéarfadh tú leat féin, bhuel seo treat meal, agus tosóidh tú amach an chéad lá eile agus beidh siúlóid agat agus íosfaidh tú i gceart arís.  Tá cead agat do bhéile deas a bheith agat amach le do chairde, ná bí imníoch faoi sin.’  

Labhair sí faoi na droch-nósanna a bhíodh aici gan aon aclaíocht a dhéanamh agus a bheith ag suí os comhair na teilifíse san oíche.  Anois, tá sí i mbun traenála don Mini Marathon a bheidh ar siúl i mí an Mheithimh. 

Labhair sí freisin ar an tábhacht atá le meon dearfach a bheith agat, agus a bheith buíoch as an méid atá agat i do shaol.  

‘San intinn uilig atá sé.  Caithfidh tú cleachtadh meon dearfach a bheith agat, sin an t-aon chaoi atá tú in ann é a dhéanamh, le coinneáil ag imeacht.  Caithfidh tú cuimhniú céard atá go maith i do shaol anois – tá tú in ann siúl, tá tú in ann do lámha a úsáid, tá tú in ann an áilleacht a fheiceáil ... sin a chaithfeas tú cuimhniú air.’ 

Is féidir éisteacht leis an agallamh iomlán anseo